Deich mBialann le Triail i mBaile Átha Cliath in 2018

Bliain úr agus rún déanta agam bheith níos folláine agus tabhairt faoi níos mó aclaíochta (an seanphort céanna i gcónaí!). Ach is iomaí lá ag an uaigh orainn agus tá sé i gceist agam bialanna agus beáir nua a thriail agus mé ag iarraidh treat deas a thabhairt dom féin ó am go ham le linn na bliana. Bhí roinnt béilte iontacha agam anuraidh – … Continue reading Deich mBialann le Triail i mBaile Átha Cliath in 2018

Arán Donn Baile: Oideas Deas gan Chruithneacht

Ní dóigh liom go bhfuil aon rud níos deise ná cáca baile le lear mór ime air. Táim tar éis bheith sa tóir ar oideas deas d’arán gan phlúr agus déirí le píosa anois ach tar éis roinnt cinn éagsúla a thriail, seo thíos an ceann is mó a thaitníonn liom. Tá sé simplí agus sciobtha le déanamh, agus tá sé an-bhlasta. Airím go bhfuil … Continue reading Arán Donn Baile: Oideas Deas gan Chruithneacht

Briostó Bríomhar Beoga – conas 36 huaire a chaitheamh ann

Ainmníodh Briostó mar an chathair is fearr le cónaí ann ar fud na Breataine sa Sunday Times níos túisce i mbliana. Thug mé cuairt ar an gcathair an tseachtain seo caite le fáil amach cén fáth a bhfuil daoine chomh tógtha sin leis agus céard atá le déanamh ann. Le ceardaíocht agus cruthaitheacht, bia blasta agus beáranna beoga ar fáil ar fud na cathrach,  d’fhág mé … Continue reading Briostó Bríomhar Beoga – conas 36 huaire a chaitheamh ann

Fáilte mhór chroíúil romhainn ach béile gan mhaith in Kostas, Baile Átha Cliath

Ní féidir liom a rá gur saineolaí ar bhia Gréagach mé. Ag deireadh an lae, níl ach cúpla lá caite agam i gCorfú (cé gur ith mé neart ann!) agus bhí mé i mbialann Ghréagach amháin anseo i mBaile Átha Cliath roimhe sin. Ach táim gafa le húmas agus cáis feta, is breá liom tzatziki, moussaka, gyros (cineál ceibeab) agus go leor eile de phríomhbhianna … Continue reading Fáilte mhór chroíúil romhainn ach béile gan mhaith in Kostas, Baile Átha Cliath

Cuairt ar Mhaidrid

Is cathair bhríomhar í Maidrid atá foirfe le deireadh seachtaine a chaitheamh ann. Má thaitníonn bia blasta, siamsaíocht oíche, ealaín agus ailtireacht nó spórt leat, bainfidh tú an-taitneamh as briseadh ag spaisteoireacht timpeall phríomhchathair na Spáinne. Seo thíos conas ar chaith muidne deireadh seachtaine den scoth ann tamall ó shin. Céard atá le déanamh? Turas Rothair Is breá liom turais siúil nó rothair a dhéanamh le … Continue reading Cuairt ar Mhaidrid

Binn Chuilceach – Seoid i bhFear Manach

Má tá conair nua shiúil uait le triail nó turas lae don teaghlach ar fad á phleanáil, mholfainn Páirc Shléibhe Bhinn Chuilceach i bhFear Manach go hard. Suite fiche nóiméad ó Inis Ceithleann, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an áit álainn seo atá mar chuid de Gheopháirc Dhomhanda Uaimheanna na hÁirse Marmair agus conair Bhinn Chuilceach-Lag na Brocaí a dhéanamh. Ar an Domhnach beag seo atá díreach … Continue reading Binn Chuilceach – Seoid i bhFear Manach

An Bhfuil Cárta Deontóra Orgán Agatsa?

An bhfuil cárta deontóra orgán agat? Nó ar smaoinigh tú ar cheist an deonaithe orgán riamh? Anois an t-am ceart le roinnt machnaimh a dhéanamh air agus an tSeachtain Feasachta i leith Deontóirí Orgán faoi lánseol. Is í príomhsprioc na seachtaine seo ná meabhrú do mhuintir na hÉireann comhrá tábhachtach a bheith acu lena muintir féin maidir leis an deonú orgán mar aon le feasacht … Continue reading An Bhfuil Cárta Deontóra Orgán Agatsa?

Císte Cáise Líomóide & Líoma

Milseog éadrom álainn citris a rachaidh i bhfeidhm ar chairde agus ar chlann. Tá an císte seo foirfe do chóisir dhinnéir nó ócáid speisialta ar bith. Tá sé sciobtha agus fíoréasca le déanamh agus breathnaíonn sé go hálainn. Comhábhair An Bonn 200g briosca caiscíneacha 200g brioscaí coirce 75g im 1 tsp mil An Císte 750g Cáis Uachtair 100ml Uachtar Dúbailte 150g Siúcra Mín 1 Líomóid … Continue reading Císte Cáise Líomóide & Líoma

Bíonn Siúlach Scéalach

Tá an lá ag dul chun síneadh agus beidh an aimsir ag éirí níos séimhe go luath (tá súil agam!). Ní dóigh liom go bhfuil bealach ar bith níos fearr chun do scíth a ligean ná bheith amuigh faoin aer ag siúl agus áilleacht na tuaithe thart timpeall ort. D’fhás mé aníos i lár sráidbhaile beag bídeach in iarthar Chill Mhantáin le cnoic agus sléibhte … Continue reading Bíonn Siúlach Scéalach