Briseadh Gairid faoin nGriain in Tavira

Má tá saoire réchúiseach faoin ngriain uait le bia breá blasta, tránna bána agus daoine cairdiúla, mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar Tavira. Ní raibh mé riamh as baile d’oíche chinn bliana go dtí i mbliana, ach táim cheana féin ag smaoineamh go láidir air don bhliain seo chugainn arís. Tá muid díreach fillte ó shaoire ghearr álainn san Algarve agus gach seans go … Continue reading Briseadh Gairid faoin nGriain in Tavira

Turas beag in oirdheisceart na hÉireann

Tá an t-earrach linn, tá an lá ag dul chun síneadh, agus is am álainn eile é le roinnt turas agus saoire a phleanáil. Má thaitníonn sé leat bheith ag taiscéalaíocht in Éirinn, mholfainn go mór dul ar thuras beag chuig Rinn Duáin i Loch Garman, is iomaí rud suimiúil atá le déanamh agus le feiceáil ann. Tá idir iontas agus aiféala orm nár thug … Continue reading Turas beag in oirdheisceart na hÉireann

Briostó Bríomhar Beoga – conas 36 huaire a chaitheamh ann

Ainmníodh Briostó mar an chathair is fearr le cónaí ann ar fud na Breataine sa Sunday Times níos túisce i mbliana. Thug mé cuairt ar an gcathair an tseachtain seo caite le fáil amach cén fáth a bhfuil daoine chomh tógtha sin leis agus céard atá le déanamh ann. Le ceardaíocht agus cruthaitheacht, bia blasta agus beáranna beoga ar fáil ar fud na cathrach,  d’fhág mé … Continue reading Briostó Bríomhar Beoga – conas 36 huaire a chaitheamh ann

Cuairt ar Mhaidrid

Is cathair bhríomhar í Maidrid atá foirfe le deireadh seachtaine a chaitheamh ann. Má thaitníonn bia blasta, siamsaíocht oíche, ealaín agus ailtireacht nó spórt leat, bainfidh tú an-taitneamh as briseadh ag spaisteoireacht timpeall phríomhchathair na Spáinne. Seo thíos conas ar chaith muidne deireadh seachtaine den scoth ann tamall ó shin. Céard atá le déanamh? Turas Rothair Is breá liom turais siúil nó rothair a dhéanamh le … Continue reading Cuairt ar Mhaidrid

Binn Chuilceach – Seoid i bhFear Manach

Má tá conair nua shiúil uait le triail nó turas lae don teaghlach ar fad á phleanáil, mholfainn Páirc Shléibhe Bhinn Chuilceach i bhFear Manach go hard. Suite fiche nóiméad ó Inis Ceithleann, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an áit álainn seo atá mar chuid de Gheopháirc Dhomhanda Uaimheanna na hÁirse Marmair agus conair Bhinn Chuilceach-Lag na Brocaí a dhéanamh. Ar an Domhnach beag seo atá díreach … Continue reading Binn Chuilceach – Seoid i bhFear Manach

Óstán fíorálainn i lár chathair Luimnigh

An bhfuil tú ag lorg inspioráide do bhronntanas Lá Fhéile Vailintín nó b’fhéidir go bhfuil saoire ghearr leis na cailíní ag teastáil uait? Is é Óstán No.1 Pery Square ceann de na hóstáin is deise inar fhan mé go dtí seo. Suite sa gCeathrú Seoirseach i Luimneach, ar aghaidh Pháirc an Phobail, cuirtear fáilte chroíúil roimh aíonna san óstán boutique seo ar Chearnóg an Pheirigh. Tógadh an teach cathrach … Continue reading Óstán fíorálainn i lár chathair Luimnigh

Deich gCúis le Saoire a Chaitheamh sa mBulgáir

An bhfuil tú breoite bréan de mhí Eanáir? An dteastaíonn saoire uait cheana féin? Nó b’fhéidir go bhfuil rún agat i mbliana cuairt a thabhairt ar thír úrnua nach raibh tú riamh inti ? Anois an t-am le saoire a phleanáil chun margaí maithe a fháil agus d’aird a dhíriú ar rud éigin deas seachas dian-aistí bia, traenáil chorpacmhainne agus cúrsaí oibre. Ar smaoinigh tú riamh ar … Continue reading Deich gCúis le Saoire a Chaitheamh sa mBulgáir

Bucharest to Veliko Tarnova

Before our road trip around Bulgaria last September, we spent a long time trying to figure out how we were going to get from Bucharest to Veliko Tarnova using public transport. We trawled through TripAdvisor forums, blog posts and various websites, and most advised that this journey was anything but straightforward. Most said that the trip would involve a few transfers and long waits for … Continue reading Bucharest to Veliko Tarnova

Margaí Nollag Vín

Ó lár mhí na Samhna go deireadh mhí na Nollag, bíonn margaí na Nollag faoi lánseol i Vín. Le gloine puins nó stailcín fíona sa lámh agat, boladh bratwurst, cnónna capaill agus fataí bácáilte mórthimpeall ort, níl aon amhras ach go mbeidh sprid na Nollag go domhain ionat ag filleadh abhaile (fiú más mí na Samhna é go fóill!). Tá muid díreach ar ais sa … Continue reading Margaí Nollag Vín