Pancóga Banana agus Fraocháin Ghorma – Oideas Deas don Bhricfeasta

Tá na pancóga seo thar a bheith blasta agus éasca le déanamh. Tá siad sláintiúil go leor chomh maith agus breathníonn siad iontach má tá cuairteoirí sa teach! Comhábhair ½ chupán bainne cnó cócó/almóinne 2 ubh 1 ghealacán uibhe 1 bhanana 2 tbsp síoróip mhailpe 1 ½ chupán coirce rollta 2 tsp púdar bácála ¼ tsp salainn 1 tsp fanaile Dornán fraocháin ghorma (Úsáidim cinn … Continue reading Pancóga Banana agus Fraocháin Ghorma – Oideas Deas don Bhricfeasta

Briseadh Gairid faoin nGriain in Tavira

Má tá saoire réchúiseach faoin ngriain uait le bia breá blasta, tránna bána agus daoine cairdiúla, mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar Tavira. Ní raibh mé riamh as baile d’oíche chinn bliana go dtí i mbliana, ach táim cheana féin ag smaoineamh go láidir air don bhliain seo chugainn arís. Tá muid díreach fillte ó shaoire ghearr álainn san Algarve agus gach seans go … Continue reading Briseadh Gairid faoin nGriain in Tavira

B’fhiú fanacht sa scuaine leis an bpíotsa in PI a bhlaiseadh!

Má thaitníonn píotsa leat atá déanta as taos géar atá cócaráilte go foirfe i sorn dóite adhmaid le comhábhair úra bhlasta d’ardchaighdeán air, ní mór cuairt a thabhairt ar PI láithreach! Tá beadaithe na hardchathrach ag teacht ina sluaite chuig PI agus bhí scuaine amach an doras nuair a leaindeáil mé féin is cara liom ann ag a sé a chlog tráthnóna Dé Céadaoin. Ón méid … Continue reading B’fhiú fanacht sa scuaine leis an bpíotsa in PI a bhlaiseadh!

Forest & Marcy – an bhialann is fearr liom i mBaile Átha Cliath?

Tá rud éigin álainn faoi Dhomhnach sámh suaimhneach a chaitheamh ag fámaireacht timpeall na cathrach. Agus níl clabhsúr níos fearr um thráthnóna ná béile blasta déanta as comhábhair i séasúr, fíon deas agus comhluadar níos fearr. Chríochnaigh muid deireadh seachtaine bríomhar arú inné le cairde linn in Forest & Marcy, Baile Átha Cliath 4. Taitníonn gach rud seachas na suíocháin liom in Forest & Marcy … Continue reading Forest & Marcy – an bhialann is fearr liom i mBaile Átha Cliath?

Assassination Custard – an t-eispéireas bia is fearr i mBaile Átha Cliath faoi láthair?

Bialann bheag bhídeach ar chúl éaga Tá Assassination Custard ar mo liosta le tamall anois agus bhí mé ar bís leis an áit a thriail an Aoine seo caite. Tá na léirmheasanna léite agam, leanaim an áit ar na meáin shóisialta agus bhí barúil agam go dtaitneodh sé go mór liom. Agus bhí an ceart agam – bhí mé iomlán i ngrá leis an mbialann … Continue reading Assassination Custard – an t-eispéireas bia is fearr i mBaile Átha Cliath faoi láthair?

Chameleon, Baile Átha Cliath 2: An-áit do ghrúpaí

Ní minic a théim amach i mBarra an Teampaill – samhlaím praghsanna arda ar dheochanna, bia ródhaor, na sluaite turasóirí, mar aon le cóisirí na gcearc agus stumpaí timpeall na háite. B’fhiú eisceacht a dhéanamh le dul go Chameleon, áfach – bialann atá cosúil le pluais theolaí ina n-airíonn tú go bhfuil tú i bhfad ón ngleo lasmuigh. Bhuail mé le beirt chairde ón ollscoil … Continue reading Chameleon, Baile Átha Cliath 2: An-áit do ghrúpaí

Turas beag in oirdheisceart na hÉireann

Tá an t-earrach linn, tá an lá ag dul chun síneadh, agus is am álainn eile é le roinnt turas agus saoire a phleanáil. Má thaitníonn sé leat bheith ag taiscéalaíocht in Éirinn, mholfainn go mór dul ar thuras beag chuig Rinn Duáin i Loch Garman, is iomaí rud suimiúil atá le déanamh agus le feiceáil ann. Tá idir iontas agus aiféala orm nár thug … Continue reading Turas beag in oirdheisceart na hÉireann

Beannachtaí na Féile Vailintín oraibh ar fad!

Cúpla focal agus frása deas a bhféadfaí a úsáid ar an gCéadaoin! Beannachtaí na Féile Vailintín oraibh ar fad! I’ve put together some useful vocab and phrases for Valentine’s Day as Gaeilge. If you’re looking for something to write on a card, send in a message or even better to say to somebody special, maybe you’ll find some inspiration here… Continue reading Beannachtaí na Féile Vailintín oraibh ar fad!

I nGalar an Ghrá san Ardchathair

Má tá tú ag ag iarraidh roinnt rómánsaíochta a chur i do Lá Fhéile Vailintín nó rud éigin éagsúil a dhéanamh leis an lá a cheiliúradh, seo cúpla moladh uaim maidir le gníomhaíochtaí spraíúla a bhféadfaí a thriail timpeall Bhaile Átha Cliath le do ghrá geal, le cara nó le ball clainne ar an 14ú Feabhra. Tae beag agus turas timpeall na cathrach le Vintage Tea … Continue reading I nGalar an Ghrá san Ardchathair

Saol na bhFuíoll in Chapter One, Baile Átha Cliath

Má tá béile d’ardchaighdeán agus seirbhís gan locht uait, ní mór cuairt a thabhairt ar Chapter One ar Chearnóg Parnell, Baile Átha Cliath. Bhí sé de phleisiúr agam dul ann le gairid agus caithfidh mé a rá gur eispéireas faoi leith a bhí ann ó thús deireadh. Is breá liom dul go bialanna – i ndáiríre d’fhéadfainn a rá gurb é an caitheamh aimsire is … Continue reading Saol na bhFuíoll in Chapter One, Baile Átha Cliath