Saol na bhFuíoll in Chapter One, Baile Átha Cliath

Má tá béile d’ardchaighdeán agus seirbhís gan locht uait, ní mór cuairt a thabhairt ar Chapter One ar Chearnóg Parnell, Baile Átha Cliath. Bhí sé de phleisiúr agam dul ann le gairid agus caithfidh mé a rá gur eispéireas faoi leith a bhí ann ó thús deireadh.

Is breá liom dul go bialanna – i ndáiríre d’fhéadfainn a rá gurb é an caitheamh aimsire is mó atá agam i ndiaidh taistil. Nuair a thug Mark dearbhán do Chapter One dom do mo bhreithlá anuraidh, bhí mé ar bís le bord a chur in áirithe gan mhoill agus feiceáil an raibh an bhialann seo leath chomh maith is atá a cáil. Níor thuig mé an dúshlán a bhaineann le bord a chur in áirithe istoíche ag an deireadh seachtaine, áfach. Níor thóg sé ach bliain iomlán nach mór orainn teacht ar bhord oíche Shathairn! Mar sin más suim leat cuairt a thabhairt ar an mbialann ghalánta seo amach anseo, b’fhiú smaoineamh ar dhátaí féideartha anois le cinntiú go bhfaighfeá bord ar do rogha dáta (agus gur féidir an t-airgead a chur ar leataobh chuige!).

Ón nóiméad ar shiúil muid isteach in Chapter One, cuireadh ar ár suaimhneas muid le seirbhís phroifisiúnta chairdiúil. Le bheith ionraic, bhí mé ábhairín in amhras faoin áit i gcoitinne agus go mbeadh sé ró-ardnósach dúinn. Ní raibh in aon chor! Cuirtear fáilte mhór ó chroí roimh chách anseo agus faoin am a raibh an chéad chúrsa críochnaithe agam, bhí cinneadh déanta agam go raibh mé ag iarraidh filleadh!

Tá an bhialann féin maisithe go simplí le píosaí éagsúla ealaíne timpeall na mballaí. Ceann de na rudaí is fear a thaitin liom ná an spás deas idir na boird ar fad ionas gur féidir labhairt leis na daoine atá i do theannta ar do chompord. Bhí meascán daoine scaipthe timpeall na bialainne – teaghlaigh, lánúineacha, cúpla cóisir bhreithlae agus daoine a raibh an chuma orthu gur dinnéar gnó a bhí ann (nach méanar dóibh!). Cureadh muid in áit iontach i lár na bialainne, áit a raibh muid in ann breathnú ar gach rud a bhí ar siúl timpeall orainn agus ar na béilte áille a bhí ag teacht amach ón gcistin. Tugadh rogha dúinn dul le béile ceithre chúrsa ar €75 nó an biachlár blaiste seacht gcúrsa ar €100. Níl aon amhras ach go bhfuil an áit seo costasach agus dúinn beirt, b’ócáid aonuaire a bhí ann. Thóg sé thart timpeall cúig nóiméad déag orainn cinneadh a dhéanamh maidir le cén biachlar ar chóir dúinn a roghnú agus sa deireadh bheartaigh muid dul leis an gceann seacht gcúrsa ar fhaitíos nach mbeadh muid ar ais san áit arís agus ar fhaitíos go gcaillfeadh muid amach ar aon rud. Níor roghnaigh muid dul leis an bhfíon a moladh leis na cúrsaí mar shíl muid go mbeadh an iomarca d’airgid i gceist leis sin.

Bhí beirt fhreastalaithe óga ag tabhairt aire dúinn don oíche ar fad agus bhí siad thar barr – cairdiúil, gealgháireach, réchúiseach agus éifeachtúil. Mhínigh siad an biachlár ar fad dúinn agus na cúrsaí éagsúla a bheadh á bhfáil againn. An chéad rud a tháinig amach ná rogha aráin – taos géar, arán sóide agus ceann brioche. Bhí an t-arán go hálainn fiú agus bhí tú in ann chuile chineál aráin a bhlaiseadh dá m’ba mhian leat. Ina dhiaidh sin, fuair muid seacht gcúrsa bhlasta éagsúla le meascán iontach comhábhair agus bia a mhúscail ár gcuid fiosrachta agus a chur cluain ar ár ngoilí. An rud is mó a thaitin liom faoin tseirbhís ná gur míníodh go díreach duit céard a bhí ar an bpláta agus cad as ar tháinig sé. Bhlas muid muisiriúin ó Bhealach Eabhra, cáis ó Chúil Aodha, ribí róibéis ó Bhaile Chaisleáin Bhéarra agus bia blasta eile ó chearnaí éagsúla den tír. Bhí gach cúrsa thar cionn agus cuma an-ghalánta ar na miasanna ar fad. An t-aon cheann nach raibh mé róthógtha leis ná ceann de na cúrsaí bia mara. Bhí meascán de chadóg, eascann deataithe, garbhánach, ribe róibéis agus yuzu ar an bpláta. Cheap mé nach dtaitneodh an eascann liom ach bhí sí sin deas go leor. An rud faoin gcúrsa seo nár thaitin liom ná go raibh an t-iasc fuar agus bhí mé ag súil le rud te – ach bhain sé sin go hiomlán leis an gcineál bia a bhfuil duil agam féin ann agus táim cinnte go raibh sárjab déanta ag an gcócaire leis!

Seachas sin, thaitin chuile chúrsa go mór linn beirt, leis an gcúrsa deiridh roimh an mhilseog mar bhuaicphointe an bhéile dúinn. An mias dheireanach ná fiafheoil, puimcín, lúbán dubh, gallchnónna picilte agus seacláid. Bhí gach rud go hálainn le chéile agus tá muid beirt an-tógtha le fiafheoil go ginearálta (rud atá luaite agam anseo uair nó dhó cheana!). Chuir muid críoch lenár n-eispéireas blaiste le milseog a bhí déanta de “bhlasanna agus uigeachtaí éagsúla meala agus bainne” – ní raibh clú dá laghad againn céard lena bheith ag súil leis seo, ach cosúil le gach cúrsa eile, bhí sé cruthaiteach, blasta agus cur i láthair ealaíonta ar an bpláta.

Tar éis ithe in Chapter One, níl aon amhras cén fáth a bhfuil réalta Michelin bronnta ar an áit arís is arís eile agus go bhfuil gradam Chumann Bialann na hÉireann bronnta orthu don bhialann is fearr sa tír. Tá an tseirbhís agus an bia gan locht. An fiú an t-airgead é? Measaim gur fiú go mór triail a bhaint as Chapter One ar a laghad uair i do shaol. Chaith muid timpeall €250 ar an oíche, suim ollmhór dúinn ach dúirt muid linn féin gur ócáid speisialta a bhí ann agus gur phléisiúr annamh againne a leithéid a dhéanamh. É sin ráite, sílim go bhfuil sé iomarcach fanacht chomh fada le teacht ar do rogha oíche le dul ann ag an deireadh seachtaine toisc an éilimh ollmhóir ar an mbialann. Measaim go raibh Chapter One ar an mbéile ab fhearr a bhí agam go dáta, le gach rud tógtha san áireamh – bia, comhábhair, eispéireas agus seirbhís. Tá súil agam go mbeidh deis agam filleadh ar an mbialann am éigin amach anseo agus ábhar éigin ceiliúrtha againn. Idir an dá linn, beidh sé deacair dearmad a dhéanamh ar an eispéireas seo agus muid ag triail bialanna éagsúla timpeall na tíre sa mbliain atá amach romhainn – tá slat tomhais an-ard leagtha síos ag Chapter One.

 

Chapter One, 18-19 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1

https://www.chapteronerestaurant.com/ +353 1 8732266

An Bille: €235 don bhiachlár blaiste do bheirt, dhá ghloine fíona agus dhá bheoir.

Seirbhís: Thar barr!

Atmaisféar: Bhí beocht álainn sa mbialann le spás ceart idir na boird agus gach éinne ar a gcompord le taitneamh a bhaint as sárthaispeántas bia!

Leave a comment