I nGalar an Ghrá san Ardchathair

Má tá tú ag ag iarraidh roinnt rómánsaíochta a chur i do Lá Fhéile Vailintín nó rud éigin éagsúil a dhéanamh leis an lá a cheiliúradh, seo cúpla moladh uaim maidir le gníomhaíochtaí spraíúla a bhféadfaí a thriail timpeall Bhaile Átha Cliath le do ghrá geal, le cara nó le ball clainne ar an 14ú Feabhra.

Tae beag agus turas timpeall na cathrach le Vintage Tea Tours

Céard faoi iarnóin a chaitheamh le duine speisialta ag ól tae agus ag ithe cístí ar thuras timpeall na cathrach le Vintage Tea Tours? Beidh tú in ann blaiseadh d’iontais na cathrach a fháil le linn an turais le cuairt a thabhairt ar Pháirc an Fhionnuisce, Teampall Chríost, Halla na Cathrach, Shráid Uí Chonaill agus roinnt áiteanna eile. Déantar trí thuras éagsúla in aghaidh an lae ó Chéadaoin go Domhnach agus tá lascaine ar fáil leis an gcód VINTAGELOVE faoi láthair. Bheadh an turas réchúiseach seo foirfe leis an gcathair a thaispeáint do chéile nach bhfuil mórán cur amach acu ar an gcathair nó le bhur scíth a ligean agus rud éagsúil a dhéanamh don lá. Tá Gaeilge ag Justine, duine d’fhoireann an chomhlachta, chomh maith.

Grianghraf: Vintage Tea Tours

Cadhcáil ar an gCanáil Ríoga nó ó Dheilginis

21993111_1733066956705411_7950521479713532907_o

Má thaitníonn sé le do pháirtí bheith lasmuigh, d’fhéadfadh an-spraoi a bheith agaibh le turas treoraithe cadhcála a dhéanamh ó Dheilgnis nó ar an gCanáil Ríoga le Kayaking.ie. Tá na turais feiliúnach do dhaoine nach bhfuil aon chadhcáil ar bith déanta acu cheana agus tá cadhcanna ar fáil atá oiriúnach do bheirt freisin. Beidh seacláidí á dtabhairt amach ar Lá Fhéile Vailintín – an-rómánsúil ar fad!

Grianghraf: Facebook Kayaking.ie

Blaiseadh de na hEalaíona in Amharclann Smock Alley

SASH

Má tá suim agaibh sna healaíona agus fonn oraibh níos mó saothar úr a fheiceáil, is deis iontach í Féile Scene + Heard 2018 in Amharclann Smock Alley daoibh. Tugann an fhéile seo deis d’ealaíontóirí smaointe úrnua nach bhfuil feicthe cheana a roinnt leis an lucht féachana agus aiseolas a fháil uathu ina leith. Tá na ticéid an-réasúnta agus tá éagsúlacht iontach ar an gclár – ceol, damhsa, filíocht ó bhéal, ábhar grinn, drámaíocht agus eile. Tá an fhéile féin ar siúl ón 14ú Feabhra go 3ú Márta – díreach in am do Lá Fhéile Vailintín. Breathnaigh ar an gclár iomlán anseo.

Grianghraf: Smock Alley

Tamall Spaisteoireachta a dhéanamh

IMG_0519

An bhfuil aon rud níos taitneamhaí ná am a chaitheamh le chéile i mbun spaisteoireachta agus áilleachtaí an dúlra á sú isteach? Tá iliomad siúlóidí deasa timpeall Bhaile Átha Cliath féin – i mBinn Éadair, Cill Fhionntain, Mullach Íde, Dún Laoghaire, Páirc an Fhionnuisce nó conair níos dúshlánaí a thógáil i Sléibhte Bhaile Átha Cliath. Má tá tú ag iarraidh dul níos faide i gcéin, tá postáil chuimsitheach ar chuid na siúlóidí is fearr liom i mBaile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus níos faide ó bhaile anseo.

Foghlaim conas manglaim fuisce a dhéanamh i nDrioglann Jameson, Sráid Bowes

Jameson Distillery Bow Street

Má tá sibh tógtha le fuisce, céard faoi rang manglam a dhéanamh le chéile i nDrioglann Jameson? Le linn an ranga, foghlaimeoidh sibh conas trí mhanglam éagsúla a dhéanamh – Old Fashioned, Whiskey Sour agus puins le Jameson mar bhonn iontu. Cosnaíonn an rang €50 an duine agus beidh sibh in ann cóisirí den chéad scoth a chur ar siúl ina dhiaidh.

Grianghraf: Jameson

Cuairt ar Gharraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon

Is cuma cén t-am den bhliain é, bíonn sé go deas cuairt a thabhairt ar Gharraithe Náisiúnta na Lus. Anois agus teacht an earraigh, tá deis ann na chéad chomharthaí den earrach a fheiceáil ag teacht faoi bhláth agus sibh ag siúl timpeall na ngarraithe. Má tá fonn oraibh níos mó a fhoghlaim faoi na bláthanna agus plandaí atá ag fás ann, beidh siúlóid threoraithe ar siúl ar an 10ú agus 14ú Feabhra ar phraghas €5. Tá sé saor in aisce dul isteach seachas sin agus tá caife beag álainn ar an láthair le greim le hithe a fháil. D’fhéadfaí críoch deas a chur leis an lá le pionta a ól timpeall an choirnéil sa Gravediggers.

Cuairt ar Thaisí San Vailintín

An bhfuil fhios agat go bhfuil taisí San Vailintín curtha i scrín anseo i mBaile Átha Cliath? Tá taisí an Naoimh le fáil in Eaglais Shráid na mBráithre Bána de chuid na Cairmilíteach – féirín a thug an Pápa Gréagóir XVI don Athair John Spratt in 1836. Bíonn searmanas speisialta ar siúl san eaglais le Lá San Vailintín a cheiliúradh agus bíonn fáinní gealltanais agus pósta á mbeannú lena linn. Beidh an searmanas ar siúl ar an 10ú Feabhra i mbliana mar gheall ar Chéadaoin an Luaithrigh a bheith ar siúl ar an 14ú Feabhra i mbliana. Mura bhfuil tú geallta nó pósta, d’fhéadfaí dul ann agus cúpla nod a thabhairt do do chéile nó paidir chiúin a rá le San Vailintín chun teacht i gcabhair ort!

Sunset.png

 

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s