Assassination Custard – an t-eispéireas bia is fearr i mBaile Átha Cliath faoi láthair?

Bialann bheag bhídeach ar chúl éaga Tá Assassination Custard ar mo liosta le tamall anois agus bhí mé ar bís leis an áit a thriail an Aoine seo caite. Tá na léirmheasanna léite agam, leanaim an áit ar na meáin shóisialta agus bhí barúil agam go dtaitneodh sé go mór liom. Agus bhí an ceart agam – bhí mé iomlán i ngrá leis an mbialann … Continue reading Assassination Custard – an t-eispéireas bia is fearr i mBaile Átha Cliath faoi láthair?

Turas beag in oirdheisceart na hÉireann

Tá an t-earrach linn, tá an lá ag dul chun síneadh, agus is am álainn eile é le roinnt turas agus saoire a phleanáil. Má thaitníonn sé leat bheith ag taiscéalaíocht in Éirinn, mholfainn go mór dul ar thuras beag chuig Rinn Duáin i Loch Garman, is iomaí rud suimiúil atá le déanamh agus le feiceáil ann. Tá idir iontas agus aiféala orm nár thug … Continue reading Turas beag in oirdheisceart na hÉireann

I nGalar an Ghrá san Ardchathair

Má tá tú ag ag iarraidh roinnt rómánsaíochta a chur i do Lá Fhéile Vailintín nó rud éigin éagsúil a dhéanamh leis an lá a cheiliúradh, seo cúpla moladh uaim maidir le gníomhaíochtaí spraíúla a bhféadfaí a thriail timpeall Bhaile Átha Cliath le do ghrá geal, le cara nó le ball clainne ar an 14ú Feabhra. Tae beag agus turas timpeall na cathrach le Vintage Tea … Continue reading I nGalar an Ghrá san Ardchathair

Binn Chuilceach – Seoid i bhFear Manach

Má tá conair nua shiúil uait le triail nó turas lae don teaghlach ar fad á phleanáil, mholfainn Páirc Shléibhe Bhinn Chuilceach i bhFear Manach go hard. Suite fiche nóiméad ó Inis Ceithleann, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an áit álainn seo atá mar chuid de Gheopháirc Dhomhanda Uaimheanna na hÁirse Marmair agus conair Bhinn Chuilceach-Lag na Brocaí a dhéanamh. Ar an Domhnach beag seo atá díreach … Continue reading Binn Chuilceach – Seoid i bhFear Manach

Cnoic, Ceardaíocht agus Cáca i gCairlinn, Co. Lú

Tá an sos lár téarma timpeall an choirnéil. Má tá turas lae á phleanáil agat lena linn, mholfainn go mór dul go Cairlinn, Co. Lú. Suite ar Leithinis Chuaille le radharcanna áille ar Bheanna Boirche, Loch Chairlinn agus Shliabh Feá, is í Cairlinn ceann de na sráidbhailte is deise in Éirinn, i mo thuairimse. Má tá tú gafa leis an tsiúlóireacht, an tsiopadóireacht, leis an mbia … Continue reading Cnoic, Ceardaíocht agus Cáca i gCairlinn, Co. Lú