Briseadh Gairid faoin nGriain in Tavira

Má tá saoire réchúiseach faoin ngriain uait le bia breá blasta, tránna bána agus daoine cairdiúla, mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar Tavira.

Ní raibh mé riamh as baile d’oíche chinn bliana go dtí i mbliana, ach táim cheana féin ag smaoineamh go láidir air don bhliain seo chugainn arís. Tá muid díreach fillte ó shaoire ghearr álainn san Algarve agus gach seans go mbeidh muid ag filleadh arís leis an athbhliain a cheiliúradh. Cuirtear fáilte roimh an mbliain úr in Tavira le béile, taispeántas dochreidte tinte ealaíne agus ceolchoirm den scoth faoin aer ag Praça da República a bhfreastalaíonn idir óg agus sean uirthi.

img_20190101_000635-e1546548078962.jpg
Tinte cnámha thar abhainn an Gilão

Is seanbhaile beag iascaireachta é Tavira atá suite in oirdheisceart na Portaingéile. Téann abhainn an Gilão tríd an mbaile aoibhinn seo atá lán le sráideanna cúnga duirleogacha agus breac le tithe geala maisithe le tíleanna ildaite. In ainneoin iliomad turasóirí chuig an Algarve chuile bhliain, mheas mé go n-éiríonn le Tavira spiorad agus carachtar dá chuid féin a choinneáil beo. Tá saol suaimhneach le brath ann agus tá an chuma ar an scéal nach bhfuil deifir ar bith ar éinne (fiú freastalaithe agus lucht beár agus tú ag fanacht píosa!). Má tá tú ag iarraidh an saol a thógáil go réidh ar feadh cúpla lá, taitneoidh Tavira leat.

IMG_20181229_115900.jpg
Sráid chiúin in Tavira le tithe traidisiúnta uirthi

Is baile dlúth é Tavira a b’fhéadfaí a shiúil taobh istigh de lá amháin i ndáiríre. Is féidir cuairt a thabhairt ar bhallóga seanchaisleáin,  seanfhoirgnimh dheasa a fheiceáil agus tá os cionn fiche eaglais éagsúil ar féidir cuairt a thabhairt orthu. Tá tránna fada bána achar gairid ón mbaile le riasca goirt agus páirceanna lán le crainn oráistí, líomóidí agus líomaí le feiceáil ar an mbealach. Má thaitníonn an tsiopadóireacht leat, tá go leor siopaí beaga le hearraí criadóireachta, coirc agus seodra ar díol iontu freisin. B’iad na rudaí is mó a thaitin liomsa, áfach, ná rothair a fháil ar cíos agus cúpla turas beag a dhéanamh taobh amuigh den bhaile féin, taitneamh a bhaint as an mbia álainn áitiúil, agus an ceiliúradh agus taispeántas iontach a bhí ar siúl Oíche na Seanbhliana.

IMG_20181231_140918.jpg

Má tá tú ag smaoineamh dul go Tavira, b’fhiú go mór rothar a fháil ar cíos. Is féidir roinnt turais iontacha rothair a dhéanamh san Algarve, go háirithe cinn ar raon rothair an Ecovio a théann ó thaobh amháin den Algarve chuig an taobh eile.  An chéad lá ar na rothair, thug muid cuairt ar Santa Luzia, sráidbhaile beag cois farraige atá timpeall 5 km ó Tavira. Tá caiféanna beaga ar aghaidh na farraige ar féidir ochtapas (polvo), sainbhia de chuid na háite, a thriail. An tseoid is mó in Santa Luzia ná an trá fhada ghainimh, Praia do Barill, atá ar cheann de na tránna is deise a bhfaca mé. Bhí na tonnta sách garbh agus muid ann, áfach, agus ní raibh mise cróga go leor dul isteach san uisce (bhí sé rófhuar dom freisin!). Ach d’éirigh liom rith 5km iontach a dhéanamh ar an trá (an chéad uair riamh ar thóg mé mo stuif reatha liom ar saoire agus gur éirigh liom rith ar bith a dhéanamh, déarfainn!). Téann raon rothair an bealach ar fad ó Tavira ann – tá sé cúng i roinnt áiteanna ach mhothaigh mé slán go leor cé gur faiteachán mór mé!

Praia do Barill
Praia do Barill

An chéad lá eile bhí muid níos cróga agus rothaigh muid ó Tavira chomh fada le Manta Rota trí shráidbhailte cois farraige, Cabañas de Tavira agus Cacela Velha, ar an Ecovio. Babhta rothaíochta 32 km ar fhad. Bhí sé seo thar a bheith taitneamhach agus bhí na radharcanna dochreidte álainn. Bhí meascán ann idir rothaíocht ar raon rothair ar bhóithre, conair chiúine faoin tuath le crainn oráistí ar an dá thaobh, agus conair trí riasca goirt. Bhí radharc iontach againn thar Pháirc Náisiúnta Ria Formosa in Cacela Velha agus b’fhiú go mór stopadh ann. Tá trá dheas brait ghoirm in Manta Rota ag an deireadh agus caiféanna buailte léi ar féidir stopadh do shos beag sula bhfilleann tú.

Cabañas de Tavira
Cabañas de Tavira

Tá an bia iontach in Tavira agus na sráidbhailte timpeall air. Tá scoth an bhia úir ar fáil ar chostas an-íseal – bia mara, sicín, taosráin agus cácaí deasa áitiúla, agus tá an fíon an-bhlasta agus saor. Bhí muid féin ag fanacht i dteach saoire cairde linn agus bhí neart moltaí maithe acu. Bhí sé de nós againn dul chuig an ollmhargadh an chéad rud ar maidin le harán úr, taosráin agus torthaí deasa a fháil – papaí, oráistí, mangónna. Ar euro amháin, bhí tú in ann caife agus pastel de nata te (taosrán traidisiúnta) a cheannach agus a ithe ag boird arda le muintir na háite agus ligint ort féin gur duine áitiúil thú! Thug muid cuairt ar an margadh bríomhar, Mercado Municipal de Tavira, freisin – áit ar féidir luibheanna, spíosraí, bláthanna, glasraí, torthaí, bia mara, feoil agus neart eile a cheannach. Tá aiféala orm anois nár cheannaigh mé níos mó luibheanna agus spíosraí le tógáil abhaile liom, ach tá súil agam go mbeidh deiseanna eile agam!

IMG_20190101_124726.jpg

Tá rogha leathan bialann timpeall an bhaile. Rinne muidne iarracht, áfach, cloí le bialanna beaga Portaingéalacha den chuid is mó seachas béile amháin Indiach agus Iodálach againn a bhí go deas. Ba é an t-eispéireas bia ba thaitneamhaí agus a sheas amach mar ceann de bhuaicphointí an turais ná ithe in Três Palmeiras ar imeall an bhaile. Níl aon bhiachlár ná rogha anseo agus itheann tú pé iasc úr a thugtar duit ar an lá. Déantar an chócaráil ar ghríoscán ollmhór deathaigh lasmuigh agus ní fhaca mé an méid sin iasc á gcócaráil riamh i mo shaol. Ní fiú dul chuig an mbialann seo i do throscadh – bhí muidne ag fanacht ar a laghad uair a chloig i scuaine lasmuigh agus lag leis an ocras faoin am a bhfuair muid bord. Caithfidh tú d’ainm a scríobh ar chlár dubh agus glaoitear ort agus spás ar fáil. Faigheann tú meascán iasc, arán, fataí agus sailéad agus íoctar de réir an méid a itheann tú. Bhí an t-iasc agus an t-arán a bhí clúdaithe in anlann dearg éigin an-bhlasta go deo – bhí na rudaí eile díreach measartha ach ba chuma linn.

IMG_20181229_132508.jpg

Má tá briseadh gearr á phleanáil agat, mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar an gceantar seo agus a chuid áilleachta agus cultúir a shú isteach. Tá go leor le déanamh sa gceantar máguaird, is luach maith ar airgead é agus fillfidh tú abhaile ar do shuaimhneas. Bhí go leor de na siopaí agus bialanna dúnta agus muid ann ag deireadh mhí na Nollag, ach ní raibh an méid céanna turasóirí thart ach oiread. Bhí aimsir ghrianmhar the againn fad is a bhí muid ann le teocht suas go 18 gcéim ann. Tá sé an-éasca teacht ar Tavira le heitiltí rialta chuig Faro, áit ar féidir tacsaí a fháil ar €45 chuig Tavira nó iompar poiblí eile a úsáid.

Cúpla Nod

Rothair ar cíos

Is féidir rothair a fháil ar cíos ó Casa Abilio, ar Rua João Vaz Corte Real 23A (00351 281 323467; abiliobikes.com). Cosnaíonn siad timpeall €7 in aghaidh an lae agus caithfear éarlais €20 a íoc.

Manglaim dheasa

Tá manglaim áille ar fáil in Arcada ar an bpríomhchearnóg, b’fhiú go mór bualadh isteach má thaitníonn manglaim leat.

Seodra

Má tá bronntanas á lorg agat, tá siopa álainn darb ainm Açafrão ar féidir seodra lámhdhéanta a cheannach i lár an bhaile.

Bialanna Oíche Chinn Bliana

Má tá tú ag smaoineamh ar dhul chuig bialann Oíche na Seanbhliana, ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré. Bíonn an-tóir orthu agus níor éirigh linn spás ar bith a fháil.

Leave a comment