B’fhiú fanacht sa scuaine leis an bpíotsa in PI a bhlaiseadh!

Má thaitníonn píotsa leat atá déanta as taos géar atá cócaráilte go foirfe i sorn dóite adhmaid le comhábhair úra bhlasta d’ardchaighdeán air, ní mór cuairt a thabhairt ar PI láithreach! Tá beadaithe na hardchathrach ag teacht ina sluaite chuig PI agus bhí scuaine amach an doras nuair a leaindeáil mé féin is cara liom ann ag a sé a chlog tráthnóna Dé Céadaoin. Ón méid … Continue reading B’fhiú fanacht sa scuaine leis an bpíotsa in PI a bhlaiseadh!

Forest & Marcy – an bhialann is fearr liom i mBaile Átha Cliath?

Tá rud éigin álainn faoi Dhomhnach sámh suaimhneach a chaitheamh ag fámaireacht timpeall na cathrach. Agus níl clabhsúr níos fearr um thráthnóna ná béile blasta déanta as comhábhair i séasúr, fíon deas agus comhluadar níos fearr. Chríochnaigh muid deireadh seachtaine bríomhar arú inné le cairde linn in Forest & Marcy, Baile Átha Cliath 4. Taitníonn gach rud seachas na suíocháin liom in Forest & Marcy … Continue reading Forest & Marcy – an bhialann is fearr liom i mBaile Átha Cliath?

Assassination Custard – an t-eispéireas bia is fearr i mBaile Átha Cliath faoi láthair?

Bialann bheag bhídeach ar chúl éaga Tá Assassination Custard ar mo liosta le tamall anois agus bhí mé ar bís leis an áit a thriail an Aoine seo caite. Tá na léirmheasanna léite agam, leanaim an áit ar na meáin shóisialta agus bhí barúil agam go dtaitneodh sé go mór liom. Agus bhí an ceart agam – bhí mé iomlán i ngrá leis an mbialann … Continue reading Assassination Custard – an t-eispéireas bia is fearr i mBaile Átha Cliath faoi láthair?

Chameleon, Baile Átha Cliath 2: An-áit do ghrúpaí

Ní minic a théim amach i mBarra an Teampaill – samhlaím praghsanna arda ar dheochanna, bia ródhaor, na sluaite turasóirí, mar aon le cóisirí na gcearc agus stumpaí timpeall na háite. B’fhiú eisceacht a dhéanamh le dul go Chameleon, áfach – bialann atá cosúil le pluais theolaí ina n-airíonn tú go bhfuil tú i bhfad ón ngleo lasmuigh. Bhuail mé le beirt chairde ón ollscoil … Continue reading Chameleon, Baile Átha Cliath 2: An-áit do ghrúpaí

I nGalar an Ghrá san Ardchathair

Má tá tú ag ag iarraidh roinnt rómánsaíochta a chur i do Lá Fhéile Vailintín nó rud éigin éagsúil a dhéanamh leis an lá a cheiliúradh, seo cúpla moladh uaim maidir le gníomhaíochtaí spraíúla a bhféadfaí a thriail timpeall Bhaile Átha Cliath le do ghrá geal, le cara nó le ball clainne ar an 14ú Feabhra. Tae beag agus turas timpeall na cathrach le Vintage Tea … Continue reading I nGalar an Ghrá san Ardchathair

Saol na bhFuíoll in Chapter One, Baile Átha Cliath

Má tá béile d’ardchaighdeán agus seirbhís gan locht uait, ní mór cuairt a thabhairt ar Chapter One ar Chearnóg Parnell, Baile Átha Cliath. Bhí sé de phleisiúr agam dul ann le gairid agus caithfidh mé a rá gur eispéireas faoi leith a bhí ann ó thús deireadh. Is breá liom dul go bialanna – i ndáiríre d’fhéadfainn a rá gurb é an caitheamh aimsire is … Continue reading Saol na bhFuíoll in Chapter One, Baile Átha Cliath

Deich mBialann le Triail i mBaile Átha Cliath in 2018

Bliain úr agus rún déanta agam bheith níos folláine agus tabhairt faoi níos mó aclaíochta (an seanphort céanna i gcónaí!). Ach is iomaí lá ag an uaigh orainn agus tá sé i gceist agam bialanna agus beáir nua a thriail agus mé ag iarraidh treat deas a thabhairt dom féin ó am go ham le linn na bliana. Bhí roinnt béilte iontacha agam anuraidh – … Continue reading Deich mBialann le Triail i mBaile Átha Cliath in 2018

Fáilte mhór chroíúil romhainn ach béile gan mhaith in Kostas, Baile Átha Cliath

Ní féidir liom a rá gur saineolaí ar bhia Gréagach mé. Ag deireadh an lae, níl ach cúpla lá caite agam i gCorfú (cé gur ith mé neart ann!) agus bhí mé i mbialann Ghréagach amháin anseo i mBaile Átha Cliath roimhe sin. Ach táim gafa le húmas agus cáis feta, is breá liom tzatziki, moussaka, gyros (cineál ceibeab) agus go leor eile de phríomhbhianna … Continue reading Fáilte mhór chroíúil romhainn ach béile gan mhaith in Kostas, Baile Átha Cliath

Bíonn Siúlach Scéalach

Tá an lá ag dul chun síneadh agus beidh an aimsir ag éirí níos séimhe go luath (tá súil agam!). Ní dóigh liom go bhfuil bealach ar bith níos fearr chun do scíth a ligean ná bheith amuigh faoin aer ag siúl agus áilleacht na tuaithe thart timpeall ort. D’fhás mé aníos i lár sráidbhaile beag bídeach in iarthar Chill Mhantáin le cnoic agus sléibhte … Continue reading Bíonn Siúlach Scéalach

Béile Breá Blasta agus Do Bheoir Féin in The Vintage Kitchen

Tá neart léirmheasanna maithe faoin Vintage Kitchen léite agam agus bhí sé i gceist agam triail a bhaint as an mbialann bheag seo i lár chathair Bhaile Átha Cliath le fada. Thug seisear againn aghaidh ar an áit aréir agus ní raibh aiféala ar bith orainn. Tá The Vintage Kitchen suite béal dorais leis an teach tábhairne traidisiúnta Mulligans ar Shráid an Phoill Bhig, Baile Átha Cliath … Continue reading Béile Breá Blasta agus Do Bheoir Féin in The Vintage Kitchen