Deich mBialann le Triail i mBaile Átha Cliath in 2018

Bliain úr agus rún déanta agam bheith níos folláine agus tabhairt faoi níos mó aclaíochta (an seanphort céanna i gcónaí!). Ach is iomaí lá ag an uaigh orainn agus tá sé i gceist agam bialanna agus beáir nua a thriail agus mé ag iarraidh treat deas a thabhairt dom féin ó am go ham le linn na bliana. Bhí roinnt béilte iontacha agam anuraidh – an ceann ab fhearr i dteach beag teaghlaigh in Berat na hAlbáine le bia ón gceantar cócaráilte ag bean an tí agus é curtha ar an mbord ag fear an tí – béile a bheas deacair a shárú riamh sílim. Ach bhí an t-ádh orm roinnt béilte ionacha bheith agam i mBaile Átha Cliath freisin. B’iad na bialanna is mó a thaitin liom (ar chúiseanna éagsúla) ná Kinara, Tapas de Lola, The Richmond, Forest & Marcy agus Coppinger Row.
Tá éagsúlacht iontach bia agus caighdeán an-ard bialanna timpeall na hardchathrach anois agus cinn nua á n-oscailt go rialta. I ndáiríre, níl aon easpa roghanna ann agus is féidir teacht ar bhéile do gach cineál buiséid go hiondúil. Seo thíos an deich mbialann is mó i mBaile Átha Cliath gur mhian liom triail a bhaint astu den chéad uair le linn 2018 agus tá súil agam go mbeidh siad chomh maith is atá a gcáil agus na léirmheasanna breátha atá faighte acu. Measaim go bhfuil meascán deas ar mo liosta idir bialanna le réalta agus Bib Gourmand Michelin, caiféanna beaga áitiúla, agus bialanna gur féidir d’fhíon féin a bhreith leat -agus tá áiteanna ar an dá thaobh den Life san áireamh chomh maith! Ar aghaidh linn go bliain eile lán le bia breá blasta agus deiseanna bualadh le seanchairde, daoine nua agus clann.

Assassination Custard, 19 Shráid Chaoimhín Uachtarach, Baile Átha Cliath 8
Is é an t-ainm a mheall chuig an gcaifé seo mé ar dtús i ndáiríre. De réir cosúlachta, is tagairt liteartha é a bhaineann le heachtra a tharla le James Joyce agus Nora Barnacle ag déanamh cáca nach raibh dea-chríoch air agus a baisteadh assassination custard air… is iomaí duine againn gur tharla rud comhchosúil linn i mbun bácála cheana!
Is caifé bídeach réchúiseach é Assination Custard gan ach dornán suíochán ann. Is leis an lanúin Ken Dohery agus Gwen Mc Grath an áit agus tá ardmholadh faighte acu don bhia simplí blasta úr atá ar ardchaighdeán agus ar fáil ar chostas an-réasúnta. D’oibrigh Ken in Café Paradiso i gCorcaigh tráth dá raibh agus d’oibrigh Gwen in Dax, Baile Átha Cliath – dhá bhialann iontacha ina raibh béilí den chéad scoth agam cheana. Táim ag súil go mór le bualadh isteach anseo agus tá súil agam go mbeidh mé in ann teacht ar shuíochán.

Ass Custard

Foinse: Facebook Assination Custard

Chapter One, 18-19 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1

Is í an chéad áit ar mo liosta do 2018 ná Chapter One ar Chearnóg Parnell. Fuair mé dearbhán álainn do bhreithlá (speisialta!) anuraidh dul anseo ach níor éirigh linn áirithint a fháil go dtí deireadh na míosa seo (os cionn bliana ina dhiaidh!). Bíonn sé rídheacair teacht ar bhord ag an deireadh seachtaine ach tá súil agam gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid! Dar ndóigh, is é Chapter One ceann na bialanna is mó cáil in Éirinn le réalta Michelin bronnta air ó 2007 agus iliomad gradam eile faighte ó bunaíodh é in 1993. Bronnadh gradam Chumann Bialann na hÉireann don bhialann ab fhearr sa tír ar Chapter One anuraidh freisin. Ag súil go mór leis an áit a thriail agus le feiceáil an bhfuil sé chomh maith lena cháil (agus an costas an-ard a bhaineann leis an áit!).

Delahunt, 39 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

Shiúil mé thar an mbialann seo aimsir na Nollag agus bhí deis cheart agam speiceáil isteach ar fhuinneoga na háite i leith na hoíche. Bhreathnaigh an bhialann chomh gleoite agus tháitin na maisiúchán go mór liom. Is é Dermot Staunton an príomhchócaire in Delahunt agus in ainneoin nach bhfuil siad ar an bhfód ach le trí bliana anuas, tá Michelin Bib Gourmand faighte acu cheana (in 2016 agus 2017). Údáisdtear táirgí áitiúla atá i séasúr anseo agus cuirtear an-bhéim ar bhia den chéad scoth atá úr a chur ar fáil. Coinnítear an biachlár réasúnta gearr le ceithre rogha do gach cúrsa – comhartha maith a léiríonn a gcuid muiníne sa rud atá á thairiscint acu sílim. Ní hé Delahunt an áit is saoire le dul, go háirithe ag an deireadh seachtaine le €42 ar trí chúrsa, ach táim ag súil gur fiú go mór an t-airgead. Nuair a bheas do sháith ite anseo, d’fhéadfaí bualadh isteach chuig an “seomraí suí” le cúpla manglam deas a fháil os comhair ceann de na tinteáin ann. Tosaíonn na manglaim ag €11 agus tá roghanna le poitín agus jin Glendalough, vodca de chuid Dingle agus neart eile.

Foinse: Facebook Delahunt

20121522_856629057821712_4828237644769692754_o

Fish Shop, 6 Shráid na Banríona, Baile Átha Cliath 7
Is i seid beag i margadh sa gCarraig Dhubh a thosaigh an bhialann seo amach. Anois, tá cúpla áit acu, bialann bia mara ar Shráid na Banríona agus siopa sceallóg is éisc le beáir fíona ar Shráid Benburb san áireamh. Cé nár oscail an bhialann mara go 2015, bronnadh an gradam don eispéireas is fearr bia mara de chuid Chumann Bialann na hÉireann orthu anuraidh. Is iasc fiáin atá ar an mbiachlár, a athraíonn de réir an tséasúir agus an cineál éisc atá ar fáil. Má tá rogha níos réchúisí uait, d’fhéadfá bualadh isteach chuig a mbialann ar Shráid Benburb i gcónaí agus iasc agus sceallóga a fháil – cosnaíonn sé €12.50 ag am lóin. Ní théim chuig bialanna bia mara minic go leor in aon chor, seo ceann a bhfuil mé ag súil go mór leis!

Gaillot et Gray, 59 Sráid Chlann Bhreasail, Baile Átha Cliath 8

Is léir go bhfuil Baile Átha Cliath 8 ag bláthú agus go bhfuil go leor bialann agus caiféanna iontacha nua ag teacht chun cinn sa gceantar seo. Táim an-fhiosrach faoin mbialann seo gur bácús é le linn an lae agus áit phíotsa faoi anáil na Fraince istoíche. Tagann na píotsaí le emmental seachas mozzarella agus breathnaíonn siad go haoibhinn. Tá rogha an-deas comhábhar in úsáid: Gorgonzola, figí, ispíní Toulouse, agus roinnt eile. Nach mbreathnaíonn sé seo an-bhlasta? Rogha dheas d’oíche réchúiseach le cairde nó coinne chéad uaire!

gaillot g

Foinse: Facebook Gaillot et Gray

Etto, 18 Rae Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2

Is iomaí gradam atá buaite ag an mbialann Iodálach seo i mBaile Átha Cliath 2. Ina measc, Michelin Bib Gourmand chuile bhliain ó bunaíodh é agus gradam don eispéireas fíona is fearr ag Gradaim Chumann Bialann na hÉireann. Athraíonn na biachláir gach lá anseo agus bíonn biachlár speisialta mochóirí ar fáil Luan go hAoine le roghanna ar nós carpaccio fiafheola, Burrata di Puglia, risotto agus neart eile. Bíonn ócáid bhlaiste ar siúl ag a bpríomhchócaire le linn na seachtaine le cúig chúrsa ar €35 má tá fonn ort roinnt dá gcuid sainbhia a bhlaiseadh. Dar le Katy Mc Guinness, léirmheastóir bialann agus scríbhneoir bia, san Irish Independent, is é Etto an bhialann a mholann sí arís is arís eile do dhaoine agus a bhfilleann sí air i gcónaí – ardmholadh gan amhras. Táim chun cuairt a thabhairt ar an áit seo sna míonna amach romhainn agus beidh mé ag súil le hábhar iontais an bhiachláir agus pé bia úr a bheas roghnaithe ar an oíche. Dála an scéil, mura bhfuil Iodáilis agat (cosúil liom féin), is tomhas é etto a úsáidtear go minic agus bia á cheannach san Iodáil – is ionann é agus timpeall 100 gram!

Hang Dai, 20 Sráid Camden Íoctarach, Baile Átha Cliath 2
Tá go leor cainte mar gheall ar an mbialann Shíneach seo ar Shráid Camden – áit a bhfuil bia, deochanna agus ceol faoi aon díon amháin ann. Caithfidh mé a rá nach bhfuil mé an-tógtha le bia Síneach go hiondúil ach breathnaíonn an áit seo éagsúil, spraíúil agus tá sárléirmheasanna faighte aige. Maíonn na húinéirí gur mór an difear idir a gcuid bia siúd agus meallóga sicín agus gurb í an sprioc atá acu ná bia a réiteach a shásódh mamó dhian Shíneach – rud atá mealltach ann féin. Má thaitníonn lacha, domplagáin agus DJanna leat, seo áit le cuairt a thabhairt uirthi amach anseo. Tá sé i gceist agam dul anseo ag tús mhí an Mhárta. B’fhéidir go mbeidh an-dúil agam i mbia Síneach tar éis bheith anseo, coinneoidh mé ar an eolas sibh!

24837549_1477628565728197_8154732495145643362_o

Foinse: Facebook Hang Dai

Pickle, 43 Sráid Camden, Baile Átha Cliath 2

Is é bia Indiach ceann de na cinéalach bia is fearr liom agus tá go leor moltaí faighte ó chairde liom dul go Pickle. Tá an biachlár à la carte daor go leor ach tá an t-uafás roghanna air: gliomach, guine, torc allta agus go leor eile. Fuaimíonn na samósaí go haoibhinn fiú – tá ceann fiafheola le seatnaí caora fiáin, cóilis phicilite agus íogart sillí deataithe…. neam neam! Tá an biachlár mochóirí réasúnta go leor agus is féidir dhá cúrsa ar €22 a fháil Luan-Aoine óna 17.00-18.00 agus ar an Domhnach 15.00-18.00. Tá cócaire na bliana in Éirinn buaite ag Sunil Ghai, príomhchócaire Pickle, cúpla uair anois agus tá go leor gradam eile bronntu orthu freisin – ina measc, gradam Chumann Bialann na hÉireann don bhialann eitneach is fearr. Seo an bhialann is mó ar an liosta a bhfuil mé ag súil leis!

Terra Madre Café, 13a Siúlán Bhaitsiléir, Baile Átha Cliath 1

Tá roinnt cairde agus cúpla comhghleacaí tar éis an bhialann Iodálach seo, a chiallaíonn an talamh torthach, a mholadh. Bím i gcónaí ag lorg áiteanna nua le triail i dtuaisceart na cathrach (cónaí orm ar an taobh seo!) agus de réir na léirmheasanna, tá an bhialann bheag simplí seo, atá lonnaithe in íoslach agus a bhféadfaí a chailleadh sách éasca, iontach ar fad. Níl ach dornán suíochán ann agus athraíonn an biachlár gearr ar bhonn rialta – níl sé ar a suíomh acu ach maítear go bhfuil sé an-réasúnta! Beidh mé ábalta Terra Madre agus Etto a chur i gcomparáid lena chéile!

The Little Kitchen, 129 Sráid Líosain Uachtarach, Baile Átha Cliath 4

Is comhbhialann í seo den Vintage Kitchen ar Shráid an Phoill Bheag (bialann a thaitin go mór liom ach go mbíonn sé deacair go leor áirithint a fháil!).  Tá biachlár maith mochóirí acu le linn na seachtaine (Máirt, Céadaoin, Déardaoin) go 19.30 ar €28 do thrí chúrsa. An rud is fearr faoin áit seo, áfach, cosúil le The Vintage Kitchen, ná gur féidir leat do chuid fíona nó deochanna féin a bhreith leat agus corcáiste an-réasúnta de €5 a íoc. Tá €36 ar an ngnáth-bhiachlár atá acu agus tá rogha de cheithre réamhchúrsa, ceithre phríomchúrsa agus ceithre mhilseog ann – d’éinne a thug cuairt ar an deirfiúr mór, tabharfar roinnt cosúlachtaí idir an dá bhiachlár faoi deara. Tá ganntanas bialann BYOB/BYOW i mBaile Átha Cliath i mo thuairim agus tá súil agam go mbeidh mé in ann an ceann seo a mholadh do dhaoine tar éis bheith ann.

The Pigeon House, 11b Ascaill Vernon, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath 3

Bialann eile atá ar an taobh ó thuaidh den chathair atá ar mo liosta le tamall anois ná Pigeon House. Téim thar an áit minic go leor agus deirim an rud céanna liom féin nuair a fheicim an áit suí lasmuigh den bhialann lán le daoine – gur chóir dúinn bord a chur in áirithe go luath agus cé nach bhfuil muid ach deich nóiméad ón áit, níl muid tar éis bheith ann go fóill. Cuirtear béim ar tháirgí áitiúla ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta san áit seo agus bronnadh Michelin Bib Gourmand orthu siúd chomh maith. Is féidir bróinse, lón nó dinnéar a fháil sa Pigeon House agus bíonn biachlár speisialta níos saoire ar fáil laethanta áirithe den tseachtain. Tá éagsúlacht an-mhaith ar an mbiachlár – gnocchi, stéig, fiafheoil (an fheoil is fearr liom!), bia mara agus neart eile. Mura bhfuil tú rólán i ndiaidh an bhéile, d’fhéadfaí dul ag spaisteoireacht cois farraige – smaoineamh deas eile do dháta nó iarnóin leis an gclann b’fhéidir!

Táim ag súil go mór le i bhfad níos mó léirmheasanna a roinnt libh i mbliana faoi na háiteanna is mó a thaitníonn liom ón liosta seo agus áiteanna nua eile chomh maith. Coinnígí súil amach! Má tá aon mholtaí ag éinne eile, ba bhreá liom iad a chloisteáil!

 

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s