B’fhiú fanacht sa scuaine leis an bpíotsa in PI a bhlaiseadh!

Má thaitníonn píotsa leat atá déanta as taos géar atá cócaráilte go foirfe i sorn dóite adhmaid le comhábhair úra bhlasta d’ardchaighdeán air, ní mór cuairt a thabhairt ar PI láithreach!

Tá beadaithe na hardchathrach ag teacht ina sluaite chuig PI agus bhí scuaine amach an doras nuair a leaindeáil mé féin is cara liom ann ag a sé a chlog tráthnóna Dé Céadaoin. Ón méid atá cloiste agam, is amhlaidh atá sé ó scríobh Catherine Cleary léirmheas thar a bheith moltach san Irish Times dar teideal “The best pizza restaurant in Dublin. No contest”! le deireanaí. Chabhraigh alt Katy Mc Guinness go mór le haird a tharraingt ar an mbialann freisin nuair a luaigh sí PI i measc na 30 eispéireas bia is fearr in Éirinn i láthair na huaire. Céard atá éagsúil faoi PI mar sin? Agus cén fáth ar chóir dul ann?

Mhúscail an dá alt ó na léirmheastóirí iomráiteacha seo mo chuid fiosrachta maidir leis an mbialann fhaiseanta seo ar Shráid Sheoirse. Bhí mé ag iarraidh feiceáil mé féin an raibh bunús lena gcuid tuairimí agus ní bhíonn mórán de leithscéal uaim i ndáiríre le dul isteach sa gcathair le bualadh le cairde. Nuair a shroich muid an bhialann, bhí go leor daoine eile sa scuaine lasmuigh den doras romhainn. Is daoine óga hiopstair den chuid is mó a bhí i gceist.  Bhí an scuaine ag dul sa dá threo ar an tsráid agus d’aithin mé ó chúpla duine ann go raibh siad ag éirí buartha go léimfeadh duine isteach rompu. Bhog muid sciobtha go leor, áfach, agus déarfainn go raibh muid ann 15 nóiméad nó mar sin.

img_20180919_2009371.jpg

Tá stíl íostach thionsclaíoch ar an maisiú laistigh, le tíleanna bána comhaimseartha timpeall na háite agus sorn ollmhór dóite admhaid i lár na bialainne. Tá meascán boird arda le stóil agus boird níos lú le cathaoireacha ann. Tá an biachlár gearr simplí le rogha d’ocht bpíotsa 12″ air, trí dhip agus cúpla milseog. Níl aon réamhchúrsaí ná taobhmhíreanna ar fáil. Díríonn an áit seo ar cheird amháin agus déanann siad ar ardchaighdeán ar fad é. Tá beoracha ceirde, ceirtlis agus fíon ar fáil freisin. Is é an Píotsa Marinara an ceann is saoire ar €9.00 agus cosnaíonn an ceann is daoire, an Píotsa Fungi, €16.00. Tá trí phíotsa bianca gan trátaí brúite i measc na roghanna – rud atá cróga nuair nach bhfuil ach ocht rogha eile ar fáil. Tá ardchaighdean agus éagsúlacht na gcomhábhar le haithint láithreach agus tá sé go deas roinnt táirgí Éireannacha a fheiceáil ina measc: Toons Bridge Fior di Latte ó iarthar Chorcaí, Gubbeen Chorizio, muisiriúin “Hen of the Woods”, fontina, nduja, cóilis adhmadrósta agus ricotta caisiú. Aisteach go leor, ní fheictear aon phíotsa piobarónaí ar an mbiachlár! Bhí mo shúil féin ar an bPíotsa Funghi ach dúradh liom go raibh sé díolta amach, faraor. D’ordaigh mé an Píotsa Zuccha sa deireadh agus fuair mo chara an Píotsa Margherita.

Ní raibh muid ag fanacht rófhada leis na píotsaí áille teo teacht amach. Bheartaigh muid buidéal Tempranilo a fháil chomh maith. Is píotsa bianca é an Zuccha le grana padano, cúirséad, gairleog, ricotta, salse verde, uachtar sáiste, agus basal úr air. Bhí sé thar a bheith blasta – rachainn chomh fada agus a rá gurbh é an píotsa is deise ar bhlas mé riamh in Éirinn (níos deise ná píotsaí Da Mimmo agus Caffe Amore – dhá bhialann Iodálach i mBaile Átha Cliath a bhfuil mé tógtha leo!). Fuair mé an ‘Chipotle Mayo’ chomh maith agus cé go raibh sé an-deas, measaim go mbeadh an dip seo níos deise le ceann de na píotsaí le bonn trátaí. Bhí slisín den Margherita agam chomh maith agus bhí sé sin go hálainn freisin. Bhí mé sásta, áfach, gur roghnaigh mé an píotsa eile mé féin. Bhí an meascán comhábhair go hálainn ar fad agus réitigh siad go foirfe le chéile. Bhí blas líomóide ó rud éigin agus thaitin sé sin go mór liom. An chéad uair eile gheobhaidh  mé an aioli basal leis.

Níor bhac muid le milseog mar bhí ár sáith ite againn ach bhreathnaigh na roghanna an-suimiúil. An chéad rogha ar an mbiachlár ná uachtar reoite fanaile le hola olóige úríon agus salann sáile. Agus mura bhfuil dúil agat sa rogha sin, tá budino seacláide le salann sáile Maldon ar fáil. An chéad uair eile, beidh ceann díobh seo agam!

Má thaitníonn píotsa leat, b’fhiú go mór triail a bhaint as an mbialann seo gan ghairéad.  Tá na píotsaí dochreidte blasta in PI. Tá atmaisféar bríomhar beoga ann agus tá na praghasanna réasúnta. Is trua nach nglactar le háirithintí ach gach seans go n-athróidh sé sin amach anseo. Tá suíomh na bialainne ar Shráid Sheoirse an-áisiúil má tá cúpla deoch uait i lár na cathrach nó má tú ag dul chuig seó nó imeacht éigin ina dhiaidh. Chríochnaigh muid féin an oíche le cúpla deoch in Chelsea Drugstore agus an bheirt againn den tuairim go mbeadh muid ag filleadh ar PI go luath.

PI, 73-83 Sráid Sheoirse Mhór Theas, Baile Átha Cliath 2

www.pipizzas.ie

An Bille: €58.50 (2 phíotsa, 2 dhip agus buidéal Tempranillo). 

Seirbhís: Cairdiúil, réchúiseach. Níor sheas aon rud faoi leith amach i ndáirire.

Atmaisféar: Bhí atmaisféar bríomhar beoga ann le slua deas! Cheap mé go raibh roinnt de na boird róchongarach dá chéile ach sin an t-aon ghearán atá agam faoin áit.

Leave a comment