Assassination Custard – an t-eispéireas bia is fearr i mBaile Átha Cliath faoi láthair?

Bialann bheag bhídeach ar chúl éaga

Tá Assassination Custard ar mo liosta le tamall anois agus bhí mé ar bís leis an áit a thriail an Aoine seo caite. Tá na léirmheasanna léite agam, leanaim an áit ar na meáin shóisialta agus bhí barúil agam go dtaitneodh sé go mór liom. Agus bhí an ceart agam – bhí mé iomlán i ngrá leis an mbialann seo atá lán le carachtar ó shiúil mé isteach ann.

Tá chuile rud faoi Assassination Custard éagsúil – an biachlár, an áit, an tseirbhís agus an fhoireann. Nuair a shroich mé an bhialann ní raibh mé cinnte an raibh mé san áit cheart. ‘Little Café’ atá scríofa ar an gcomhartha lasmuigh agus ní go dtí gur thug mé Assassination Custard faoi deara i ndath bán ar an bhfuinneog gur thuig mé nach raibh mé bailithe amú. Bhí beirt eile sa bhialann romham – lánúin óg ar tí bogadh go teach nua! Tá an áit chomh beag bídeach sin go raibh mé in ann a gcomhrá le Gwen agus Ken a chloisteáil. Níl ach dhá bhord in Assassination Custard (ceann mór d’ochtar nó mar sin agus bord eile do bheirt nó triúr) agus tá gach rud thar a bheith pearsanta agus cairdiúil. Is leis an lánúin Ken Dohery agus Gwen Mc Grath an áit agus tá ardmholadh faighte acu don bhia simplí blasta úr atá ar ardchaighdeán agus ar fáil ar chostas an-réasúnta. Tá ealaín ghleoite óna bpáistí mar mhaisiú ar na ballaí agus tá atmaisféar breá réchúiseach agus taitneamhach ann.

Thug Gwen an biachlár dom – biachlár lámhscríofa ar mhála páipéar donn! Caithfidh mé a rá go raibh deacracht agam é a léamh agus roinnt de a thuisicint. Ach ní raibh aon ghá bheith buartha mar tháinig Ken síos chuig an mbord cúpla nóiméad ina dhiaidh sin le dul tríd agus gach rud a mhíniú. Is plátaí beaga atá i gceist den chuid is mó agus athraíonn an biachlár ó lá go lá ag brath ar na tairgí i dtráth. B’amplachán ceart mé agus bhí chuile rud uaim! Roghnaigh mé trí mhias sa deireadh – panelle (friochtóga sicphiseánaigh), brocailí péacánach le blastán ainseabhaí agus líomóide agus sailéad fataí aliñadas le aioli.

Déantar an chócaráil díreach os do chomhair agus tagann gach rud chuig an mbord chomh luath is atá sé réidh. Bhí an bia thar a bheith blasta, úr agus cócaráilte go foirfe. Níor cheap mé riamh go bhféadfadh pláta brocailí  bheith chomh blasta ach bhí an meascán blasanna go haoibhinn ar fad agus an mhias ab fhearr liom ón trí rud a d’ordaigh mé. Bhí na panelle bog agus éadrom, ach thaitin an dá mhias eile níos fearr liom. Bhí mé lán go béal le mo sheacht sáith ite agam ach bhí mé an-fhiosrach maidir leis an milseog a bhí ar fáil. D’fhan mé tamall sular ordaigh mé na meireangaí agus caithfidh mé a rá nár bhlas mé aon rud comhchosúil riamh. Bhí siad milis ach bhí blas fíneálta spíosraithe orthu ag an am céanna agus bhí siad go hálainn.

Níl mórán bialann gur féidir suí síos agus breathnú ar na cócairí i mbun a gceirde agus caint leo ag an am céanna. Mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar an mbialann réchúiseach seo a bhfuil scoth an bhia ar fáil ann luath seachas mall. Táthar á rá go bhfuil sé i gceist ag Ken agus Gwen bogadh go háit níos mó agus ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm. Tá Assassination Custard luaite ar liosta The Guardian (Everything we love in the world of food right now) den 50 rud is mó a thaitníonn leo maidir le cúrsaí bia i láthair na huaire. Tá Assassination Custard speisialta, pearsanta agus cairdiúil, agus tá súil agam go mbeidh deis agam filleadh ar an mbialann go han-luath. Bíonn an bhialann oscailte Máirt go hAoine ó mheánlae go dtí a trí a’ chlog agus b’fhiú go mór an deis a thapú bualadh isteach má tá tú sa gceantar.

Assassination Custard, 19 Sráid Chaoimhín Íochtarach, Baile Átha Cliath 8

www.facebook.com/assassinationcustard +353 87 997 1513

An Bille: €20 (3 mhias éagsúla agus milseog san áireamh – rinne mé cráin chraosach díom féin an babhta seo agus níl aiféala ar bith orm!)

Seirbhís: Cairdiúil, réchúiseach agus pearsanta. Tá sé go hálainn an lánúin stuama seo a fheiceáil i mbun a gceirde go sona sásta le chéile

Atmaisféar: Bhí mé liom féin ar feadh píosa sa mbialann agus thaitin sé mór liom bheith in ann caint leis na húinéirí agus mo scíth a ligean. Bhraith mé gur cuairtear ina dtigh siúd a bhí mé seachas i mbialann achar gairid ó thrup trap na cathrach.

Assassination Custard 2

 

Leave a comment