Chameleon, Baile Átha Cliath 2: An-áit do ghrúpaí

Ní minic a théim amach i mBarra an Teampaill – samhlaím praghsanna arda ar dheochanna, bia ródhaor, na sluaite turasóirí, mar aon le cóisirí na gcearc agus stumpaí timpeall na háite. B’fhiú eisceacht a dhéanamh le dul go Chameleon, áfach – bialann atá cosúil le pluais theolaí ina n-airíonn tú go bhfuil tú i bhfad ón ngleo lasmuigh.

Bhuail mé le beirt chairde ón ollscoil in Chameleon ar an gCéadaoin. Bhí mé tógtha leis an áit ón uair a shiúil mé isteach – ón bhfreastalaí gealgháireach a thóg chuig an mbord muid, an staighre an-chúng i lár na bialainne, na soilse beaga agus coinnle ag lonrú ar fud na háite agus an maisiú álainn suaimhneach thuas staighre.

IMG_20180328_184003_1[1].jpg

Tá Chameleon iontach do ghrúpaí beaga nó móra – tá an oiread sin roghanna éagsúla ar an mbiachlár idir tapas, rogha bhiachlár socraithe agus má tá tú ann luath tá biachlár iontach mochóirí ar fáil. Má tá duine sa ngrúpa nach bhfuil in ann cinntí a dhéanamh riamh, b’fhiú moladh dóibh scrúdú a dhéanamh ar na roghanna éagsúla ar líne roimh ré nó beidh sibh ag fanacht píosa- thóg sé tamall orainn féin teacht ar chinneadh faoina raibh uainn agus b’shin sular bhreathnaigh muid ar an bhfíon fiú! Níor bhlas éinne againn bia Indinéiseach roimhe seo agus thug an freastalaí neart nodanna dúinn faoi na roghanna ab fhearr. Leis an mbiachlár mochóirí, tugtar deis duit go leor de na plátaí beaga éagsúla a thriail. Is biachláir shocraithe atá ar fáil le roghanna feoil, glasraí nó éisc ó €18.95. Roghnaigh muidne trí bhiachlár éagsúla ionas go mbeadh éagsúlacht againn agus bhí mise tar éis a léamh ar líne go raibh na borróga galaithe an-bhlasta freisin agus d’ordaigh muid trí cinn díobh sin chomh maith.

dav

Tagann na plátaí beaga amach agus cuirtear i lár an bhoird iad agus roinntear eadraibh ar fad iad. Bhlas muid Cumi Cumi Goreng (scuid mharanáidithe), Sate Ayam (satae de shicín le hanlann phíseanna talún), Ikan Bakar Colo Colo (iasc bácáilte i nduilleog bhanana), agus go leor glasraí, núdail, sailéad agus rís. Bhí sceitimíní orainn ag triail gach rogha nua agus na hanlainn agus dípeanna éagsúla – cuid acu thar a bheith te agus cinn eile álainn milis. Bhí muid lán go béal i ndiaidh chuile rud a thriail agus ní raibh aon ghanntanas bia ann. Mholfainn go mór an biachlár bia mara a thriail – bhí gach aon iasc a bhlas muid thar a bheith blasta agus cócaráilte go foirfe. 

dav
Borróga galaithe le muiceoil stróicthe

Tá Chameleon liostáilte i measc na 100 bialann is fearr in Éirinn de réir liosta an Irish Times agus luaite sa gcéad bialann is fearr i dtreoirleabhar John agus Sally Mc Kenna. Is cinnte go mbeidh mé ag dul ar ais, go háirithe le grúpa cairde. Tá an-luach ar airgead ann, seirbhís chairdiúil agus atmaisféar réchúiseach. An bhfuil a gcáil mar cheann de na bialanna is fearr sa tír tuillte acu ? Níl fhios agam, is cinnte go bhfuil an bia an-bhlasta ach beidh orm dul ar ais agus cuid de na roghanna eile ón ngnáthbhiachlár a bhlaiseadh le tuairim cheart a thabhairt.

Chameleon, 1 Sráid Fownes Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

www.chameleonrestaurant.com +353 1 671 0362

An Bille: €45 an duine le buidéal go leith fíona agus seisiún san áireamh.

Seirbhís: Cairdiúil le féith an ghrinn agus muid ag moilleadóireacht leis na roghanna bia agus fíona.

Atmaisféar: Réchúiseach agus bhraith mé go raibh mé ar saoire i bhfad ó chroílár Bhaile Átha Cliath ann.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s