Turas beag in oirdheisceart na hÉireann

Tá an t-earrach linn, tá an lá ag dul chun síneadh, agus is am álainn eile é le roinnt turas agus saoire a phleanáil. Má thaitníonn sé leat bheith ag taiscéalaíocht in Éirinn, mholfainn go mór dul ar thuras beag chuig Rinn Duáin i Loch Garman, is iomaí rud suimiúil atá le déanamh agus le feiceáil ann.

Tá idir iontas agus aiféala orm nár thug mé cuairt ar an tseoid seo i Loch Garman roimhe seo. Baineadh siar mé cúpla seachtain ó shin agus mé ann den chéad uair – tá radharcanna dochreidte aoibhne sa gceantar máguaird, tá stair an-suimiúil aige agus tá go leor rudaí spraíúla le triail. Ó eachtraíocht lasmuigh, seantithe agus mainistreacha stairiúla, ealaín agus ceardaíocht go beoracha ceirde agus bia blasta áitiúil, tiocfaidh tú ar rud éigin deas le déanamh sa gceantar seo is cuma cé na caithimh aimsire nó spéiseanna atá agat.

dav
Túr Solais agus Ionad Oidhreachta Rinn Duáin

Conas dul ann

Fuair muid féin an bád farantóireachta ón sráidbhaile beag iascaireachta, An Pasáiste Thoir, i bPort Láirge go Baile Hac i Loch Garman. Níl sé ach 25 nóiméad uaidh seo go Rinn Duáin agus tá an turas gairid go deas. Déanann an bád os cionn céad turas in aghaidh an lae gach lá sa mbliain seachas Lá Nollag agus Lá Fhéile Stiofán, mar sin ní bheidh tú ag fanacht rófhada ann. Cosnaíonn ticéad singil €8 do charr – an-réasúnta ar fad!

IMG_20180225_153752.jpg
Rinn Duáin, Loch Garman

Céard atá le déanamh ann?

Is í seoid an cheantair seo ná Túr Solais agus Ionad Oidhreachta Rinn Duáin. Tá cáil ar an áit seo toisc go bhfuil an túr solais is sine feidhmiú ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain ar fad ann. Thóg an ridire William Marshall an túr féin le linn an an tríú haois déag. Is féidir turas treoraithe a dhéanamh sa túr solais féin agus an 115 chéim a dhreapadh chuig an mbarr. Is fiú go mór é seo le blúire beag eolais faoi stair an fhoirgnimh féin a fháil agus leis na radharcanna iontacha thar Leithinis Rinn Duáin a fheiceáil. Tá an turas curtha le chéile go han-mhaith agus tá sé an-idirghníomhach. Tá caifé beag agus siopa ar an láthair chomh maith. Bíonn ceardlanna ealaíne, ceolchoirmeacha agus imeachtaí eile ar siúl ann ó am go ham freisin. Samhlaigh éisteacht an túir le ceol mórthimpeall ort.

Ina dhiaidh sin, d’fhéadfaí bualadh isteach chuig teach mór taibhsí, Loftus Hall, síos an bóthar ar an leithinis – má tá tú cróga go leor! Ar an turas treoraithe sin, faightear breis eolais faoin mBantiarna Anne Tottenham agus a scéal duairc dorcha maidir le heachtra a tharla di i seomra taipéise an tí. Rinneadh an scannán The Lodgers atá sa bictiúrlann i láthair na huaire sa teach le déanaí chomh maith. Bhí an teach dúnta agus muid sa gceantar, faraor, ach is leithscéal maith é dúinn filleadh go luath.

Má tá dúil sa gcócaireacht agat nó b’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh cur le do chuid scileanna cócaireachta, cén áit níos fearr dul ach Dunbrody Country House agus roinnt scileanna a phiocadh suas faoi stiúir an chócaire Kevin Dundon. Tosaíonn na cúrsaí lae ag €175 don lá nó is féidir dianstaidéar a dhéanamh le cúrsa cúig lá ann. Bíonn meascán iontach roghanna ar fáil ó mhí go mí: ag cócaireáil do chéiliach, bia veigeatórach, bia ón Áis, bia mara agus neart eile. D’fhéadfaí cur leis an eispéireas (agus má tá an t-airgead agat!) agus fanacht sa teacht tuaithe féin thar oíche agus do scíth a ligean. Má thaitníonn beoir cheirde leat, beidh tú in ann taitneamh a bhaint as roinnt beorach ó chomhlacht grúdaireachta Kevin, Arthurstown Brewing Company.

Má tá saoire níos faide agat sa gceantar, d’fhéadfaí dul amach ar an bhfarraige le turas chuig an Sailte Mór agus an Sailte Beag, turas iascaireachta a dhéanamh nó turas fairtheoireacht míolta móra fiú. Tá roinnt ionad eachtraíochta ann freisin a dhéanann surfáil eitleoige, gaothshurfáil, seaschéaslóireacht agus eile.

IMG_20180224_170626.jpg
Cósta an Chopair, Port Láirge

Chaith muid féin an oíche roimh ré i bPort Láirge agus bhí briseadh beag den scoth againn. Thosaigh muid le lón álainn in 360 Cookhouse i nDún Garbhán – tá The Tannery ar leis an gcócaire cáiliúil Paul Flynn é trasna an bhóthair agus ansin ar aghaidh linn le tiomáint timpeall Chósta an Chopair. Téann tú trí shráidbhailte beaga áille le radharcanna aoibhne ar an bhfarraige. Tá Ionad Cuairteoirí Gheopháirc Chósta an Chopair i mBun Machan freisin má tá tú fiosrach faoi aon ní atá feicthe agat ar an turas.

Má tá cúpla lá saoire agat, mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar an gceantar seo agus a chuid áilleachta a shú isteach.

Béile blasta in 360 Cookhouse, Dún Garbhán

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s