Forest & Marcy – an bhialann is fearr liom i mBaile Átha Cliath?

Forest & MarcyTá rud éigin álainn faoi Dhomhnach sámh suaimhneach a chaitheamh ag fámaireacht timpeall na cathrach. Agus níl clabhsúr níos fearr um thráthnóna ná béile blasta déanta as comhábhair i séasúr, fíon deas agus comhluadar níos fearr. Chríochnaigh muid deireadh seachtaine bríomhar arú inné le cairde linn in Forest & Marcy, Baile Átha Cliath 4.

Taitníonn gach rud seachas na suíocháin liom in Forest & Marcy – tá an bia foirfe, tá liosta iontach fíona acu agus tá an tseirbhís stuama proifisiúnta. Ar an Domhnach, bíonn biachlár darb ainm ‘Farm to Forest’ ar fáil – biachlár atá bunaithe ar tháirgí áitiúla a thagann ó fheirm orgánach i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Seo an dara uair dúinn bord a chur in áirithe sa mbialann seo agus d’fhág muid uilig chomh sásta céanna an babhta seo is bhí an uair dheireanach.

Is biachlár socraithe ceithre chúrsa ar chostas €44 atá ar fáil ar an Domhnach agus tugtar míniú cuimsitheach duit ar chuile mhias éagsúil nuair a thagann siad chun boird. Bíonn cúpla mias speisialta eile nach bhfuil ar an mbiachlár mar chuid den eispéireas freisin. An chéad rud a tugadh dúinn ná mias de bhiatas úr le criospaí glasraí agus purée muiríní. Bhí mé in amhras faoin gcéad mhias seo caithfidh mé a rá – tá biatas ar cheann de na beathaí nach bhfuil mé róthógtha leis agus ní ordóinn ariamh é. Ach bhí sé go hálainn! D’oibrigh na blasanna éagsúla agus na dathanna geala thar cionn le chéile, rud a lean tríd an mbéile ar fad. An dara rud a cuireadh os ár gcomhair ná cairéid rósta le criospaí biatais, cáis ghabhair agus peisteo. An chéad mhias eile agus an mias ab fhearr liom as na roghanna éagsúla ar fad ná mias aitheantais Ciaran Sweeney, príomhchócaire Forest & Marcy – arán prátaí coipthe, bagún agus cabáiste. Níl mórán Éireannach ann nach bhfuil cuimhní glé aige nó aici faoi chabáiste agus bagún a ithe mar pháiste – béile a bhí róchocaráilte go rímhinic ach béile freamhaithe go smior inár gcultúr ag an am céanna. Cruthaíonn Sweeney mias a chuirfeadh cíocras ar chloch ghlas agus bhí fonn ar chuile dhuine againn timpeall an bhoird a raibh fágtha ár gcuid plátaí a li. Seo scoth an bhia Éireannaigh chomhaimseartha. Seo an cinéal miasa ar mhaith liom a fheiceáil ar níos mó biachlár – miasanna atá fréamhaithe sa dúchas, atá comhaimseartha, nuálach agus fíorbhlasta.

Bhí trí chúrsa eile againn ansin:

práta úr le gairleog, pis chumhra agus bradán tartare,

gualainn uaineola spíosraithe, tornapaí óga, fínéigréad pónairí leathana agus girolle (sórt muisiriúin), agus

milseog de bhlathanna troim, spíonáin agus almóinní.

Bhí buidéal den Verso Rossa againn leis an mbéile a thaitin go mór linn ar fad – fiú Mark nach n-ólann fíon go hiondúil (sílim go bhfuil muid tar éis dul i bhfeidhm air ar deireadh, áfach, agus go mbeidh orm an fíon a roinnt leis as seo amach!). Níl aon fhíon saor sa mbialann seo – tá tú ag caint ar €40 don bhuidéal dearg is saoire ach measaim gur fiú é.

Is breá liom Forest and Marcy – tá an bia agus an fíon iontach, tá an tseirbhís le moladh go hard agus bíonn tú ag smaoineamh ar fhilleadh chomh luath is a bhíonn do bhéile críochnaithe agat. An t-aon ábhar gearáin atá agam faoin áit ná na suíocháin. Toisc gur bialann bheag í seo, tá iarracht chliste déanta acu an méid is mó daoine ar féidir a chur isteach trí stóil aguus boird arda a úsáid nó daoine a chur timpeall an chuntair, áit a bhfuil radharc ón spéir agat ar ullmhú na miasanna. Ba bhreá liom dá mbeadh níos mó spáis acu agus gnáthbhoird agus cathaoireacha acu – b’fhéidir go bhfuil mé ag éirí róshean!

Táim cinnte go bhfillfidh muid ar Forest & Marcy go luath. Seo bialann ar mhaith liom cairde agus gaolta a thógáil ann le taispeáint caighdeáin an bhia Éireannaigh chomhaimseartha dóibh.

Forest & Marcy, 126 Sráid Líosain Uachtarach, Baile Átha Cliath 4
https://forestandmarcy.ie/ 01 660 2480 sandy@forestandmarcy.ie

An Bille: €216 do cheithre bhéile ón mbiachlár socraithe ceithre cúrsa agus buidéal fíona (cé go bhfuair muid sé chúrsa!)

Seirbhís: Iontach!

Atmaisféar: Deas réchúiseach ach beocht iontach ann d’oíche Dhomhnaigh.

Leave a comment