Forest & Marcy – an bhialann is fearr liom i mBaile Átha Cliath?

Tá rud éigin álainn faoi Dhomhnach sámh suaimhneach a chaitheamh ag fámaireacht timpeall na cathrach. Agus níl clabhsúr níos fearr um thráthnóna ná béile blasta déanta as comhábhair i séasúr, fíon deas agus comhluadar níos fearr. Chríochnaigh muid deireadh seachtaine bríomhar arú inné le cairde linn in Forest & Marcy, Baile Átha Cliath 4. Taitníonn gach rud seachas na suíocháin liom in Forest & Marcy … Continue reading Forest & Marcy – an bhialann is fearr liom i mBaile Átha Cliath?

I nGalar an Ghrá san Ardchathair

Má tá tú ag ag iarraidh roinnt rómánsaíochta a chur i do Lá Fhéile Vailintín nó rud éigin éagsúil a dhéanamh leis an lá a cheiliúradh, seo cúpla moladh uaim maidir le gníomhaíochtaí spraíúla a bhféadfaí a thriail timpeall Bhaile Átha Cliath le do ghrá geal, le cara nó le ball clainne ar an 14ú Feabhra. Tae beag agus turas timpeall na cathrach le Vintage Tea … Continue reading I nGalar an Ghrá san Ardchathair

Saol na bhFuíoll in Chapter One, Baile Átha Cliath

Má tá béile d’ardchaighdeán agus seirbhís gan locht uait, ní mór cuairt a thabhairt ar Chapter One ar Chearnóg Parnell, Baile Átha Cliath. Bhí sé de phleisiúr agam dul ann le gairid agus caithfidh mé a rá gur eispéireas faoi leith a bhí ann ó thús deireadh. Is breá liom dul go bialanna – i ndáiríre d’fhéadfainn a rá gurb é an caitheamh aimsire is … Continue reading Saol na bhFuíoll in Chapter One, Baile Átha Cliath

Deich mBialann le Triail i mBaile Átha Cliath in 2018

Bliain úr agus rún déanta agam bheith níos folláine agus tabhairt faoi níos mó aclaíochta (an seanphort céanna i gcónaí!). Ach is iomaí lá ag an uaigh orainn agus tá sé i gceist agam bialanna agus beáir nua a thriail agus mé ag iarraidh treat deas a thabhairt dom féin ó am go ham le linn na bliana. Bhí roinnt béilte iontacha agam anuraidh – … Continue reading Deich mBialann le Triail i mBaile Átha Cliath in 2018