Tá na pancóga seo thar a bheith blasta agus éasca le déanamh. Tá siad sláintiúil go leor chomh maith agus breathníonn siad iontach má tá cuairteoirí sa teach!
Comhábhair
½ chupán bainne cnó cócó/almóinne
2 ubh
1 ghealacán uibhe
1 bhanana
2 tbsp síoróip mhailpe
1 ½ chupán coirce rollta
2 tsp púdar bácála
¼ tsp salainn
1 tsp fanaile
Dornán fraocháin ghorma (Úsáidim cinn reoite!)
Ola chnó cócó len’iad a fhriochadh
Le cur ar an mbarr:
Iógart, caora, síoróip mhailpe, Nutella, Gránóla
Conas iad a dhéanamh:
- Cuir chuile rud seachas na fraocháin ghorma isteach sa gcumascóir. Measc chuile rud le chéile go dtí go bhfuil sé mín gan aon chnapáin ann. Agus é mín, caith isteach na fraocháin ghorma agus measc timpeall iad le spúnóg.
- Téigh an friochtán agus cuir an ola chnó cócó isteach (ar theas measartha). Agus é téite agus leáite, cuir isteach roinnt den fhuidreamh pancóige (úsáidim liach nó cupán tomhais len’é a chur isteach)
- Cócaráil na pancóga ar feadh 2-3 nóiméad ar thaobh amháin agus ansin cócaráil an taobh eile ar feadh nóiméid nó dhó.
Bain taitneamh astu ansin le caora, iógart nó pé rud eile ar an mbarr!
Tá an t-oideas seo bunaithe ar oideas ó ModernHoney.com