Ní dóigh liom go bhfuil aon rud níos deise ná cáca baile le lear mór ime air. Táim tar éis bheith sa tóir ar oideas deas d’arán gan phlúr agus déirí le píosa anois ach tar éis roinnt cinn éagsúla a thriail, seo thíos an ceann is mó a thaitníonn liom. Tá sé simplí agus sciobtha le déanamh, agus tá sé an-bhlasta. Airím go bhfuil sé sláintiúil freisin agus ní chuireann sé isteach ar mo bholg cosúil le harán eile a bhfuil plúr ann. Tá na comhábhair saor le ceannach chomh maith agus is féidir táirgí feinbhranda a úsáid.
Comhábhair:
Tobán 500g iógart nádúrtha (úsáidimse ceann soighe ó Tesco)
1 ubh bhuailte
1 tbsp triacla
300g min choirce
2 tsp sóid aráin
2 tbsp síolta (puimcíní agus seasamain nó do rogha féin)
1/2 tsp salann
Trealamh:
2 bhabhla mhóra
spúnóga
raca fuaraithe
páipéar gréiscdhíonach
stán builín
Céimeanna
- Réamhthéigh an t-oigheann go 180°C/ 350°F/ Gásmharc 4. Gearr píosa páipéar gréiscdhíonach amach le cur sa stán builín.
- Cuir an t-iógart, an ubh bhuailte agus an triacla i mbabhla mór agus measc le chéile go maith iad.
- Measc an mhin choirce, an tsóid aráin, spúnóg amháin de na síolta agus an salann le chéile i mbabhla eile. Cuir na comhábhair seo agus iad measctha isteach sa mbabhla leis an meascán iógairt agus measc le chéile iad.
- Cuir an meascán isteach sa stán builín leis an bpáipéar gréiscdhíonach.
- Croith na síolta ar an arán agus cuir san oigheann réamhthéite é ar feadh 30 nóiméad.
- Tar éis 30 nóiméad, ísligh teocht an oighinn go 150°C/ 300°F/ Gásmharc 2 agus fág san oigheann é ar feadh leathuair a chloig eile.
- Agus an t-am istigh, tóg amach an t-arán agus lig dó fuarú píosa sula mbaintear amach ón stán é.
Tá an t-arán seo go hálainn le babhla mór anraith – taitníonn oideas Delia Smith d’anraith fataí agus cainneann go mór liom. Tá sé le fáil anseo
Nóta: Tá an t-oideas don arán seo bunaithe ar oideas le Flahavan’s a bhfuarthas ar a suíomh idirlín anseo