Briostó Bríomhar Beoga – conas 36 huaire a chaitheamh ann

Ainmníodh Briostó mar an chathair is fearr le cónaí ann ar fud na Breataine sa Sunday Times níos túisce i mbliana. Thug mé cuairt ar an gcathair an tseachtain seo caite le fáil amach cén fáth a bhfuil daoine chomh tógtha sin leis agus céard atá le déanamh ann. Le ceardaíocht agus cruthaitheacht, bia blasta agus beáranna beoga ar fáil ar fud na cathrach,  d’fhág mé Briostó ag súil go mór le filleadh ar an áit arís go han-luath.

Ealaín Sráide agus Graifítí

dav

Ní gá siúl rófhada i mBriostó le teacht ar phíosa iontach ealaíne sráide nó graifítí. Tá cáil ar an gcathair de bharr shaothair Banksy dar ndóigh ach tá i bhfad níos mó ná sin le feiceáil. Má tá suim agat san ealaín sráide, mholfainn go mór siúl ó lár na cathrach chomh fada le Stokes Croft. Tá saothair iontacha ón Éireannach Conor Harrington, Stinkfish, Cosmo Samson, Cheba, Banksy, El Mac agus go leor leor ealaíontóirí iomráiteacha eile le feiceáil ar an tsiúlóid ghearr seo. Mholfainn dul agus breathnú ar na píosaí timpeall na sráideanna seo má tá am agat: Jamica Street, Hillgroves Street, North Street, Broad Street, Moon Street agus Wilder Street – tá siad ar fad in achar gearr siúil óna chéile.

Bíonn an fhéile mhór ealaíne sráide Upfest ar siúl anseo go bliantúil  chomh maith. Ní raibh deis agam cuairt a thabhairt ar na suíomhanna uilig ina mbíonn an fhéile seo faoi lánseol, faraor, ach tá liosta cuimsitheach anseo d’éinne a bhfuil suim acu ann. Is í seo an fhéile is mó ealaíne sráide agus graifítí san Eoraip de reir cosúlachta. Ba bhreá liom bheith sa gcathair agus í ar siúl. An chéad bhliain eile b’fhéidir…

dav

Má tá sos uait ón tsiúl, tá an t-uafás roghanna maithe bia agus deochanna ar fáil timpeall na háite seo. D’ith muid féin lón in Biblos, caifé bheag a dhéanann fillteoga, falafel agus mezze blasta ar phraghas an-réasúnta ar fad.

(Daonphoblacht!) Stokes Croft

Anuas ar na píosaí iontacha ealaíne sráide agus graifítí atá le feiceáil anseo (Mild Mild West le Banksy agus Íosa ag brisdamhsa le Cosmo Sarson san áireamh), tá go leor le déanamh sa gceantar beoga seo. Chaith muid féin thart ar thrí uair a’ chloig ag fámaireacht timpeall.  Tá cáil ar an gceantar mar gheall ar na círéibeacha foréigneacha i gcoinne oscailt Tesco a tharla in 2011 – rud a léiríonn roinnt de spiorad agus anam an cheantair measaim.

dig

Hamilton House ag croílár an phobail anseo agus b’fhiú go mór bualadh isteach leis an áit a fheiceáil. Tá caifé, beár, siopa, stiúideonna ealaíne agus ionad iontach pobail le spiorad faoi leith faoi aon díon amháin anseo. Chuir clár na n-imeachtaí a bhí crochta ar an mballa iontas an domhain orm. Bíonn gach cineál ruda ó samba go ranganna húlahúpála go dearadh intí (agus gach rud idir eatarthu!) ag tarlú anseo. Seo áit eile gur féidir sos a thógáil má tá ceann ag teastáil (ní hé gur duine leisciúil mé ach taitníonn gloine nó dhó fíona liom agus mé ar saoire!). Má tá deoch nó bia uait, tá neart ar fáil in The Canteen agus bíonn ceol ann chuile oíche. Tá Tigh Hamilton i mbaol dúnta faoi láthair agus tá feachtas mór ar siúl timpeall an cheantair agus ar na meáin shóisialta. Léigh tuilleadh faoina gcuid iarrachtaí an áit a shábháil anseo nó faoi #SaveHamiltonHouse ar na meáin shóisialta.

 Gloucester Road

I ndiaidh Stokes Croft, b’fhiú go mór siúl chomh fada le Gloucester Road (tá an dá áit buailte lena chéile!). Tá timpeall dhá mhíle de shiopaí neamhspleácha ann agus is é ceann de na háiteanna is mó siopaí neamhspleácha i Sasana de réir dealraimh. Níl aon ghanntanas roghanna do dhaoine a thaitníonn éadaí ón seanré nó stuif reitreo leo anseo agus bíonn go leor margaí maithe le fáil sna siopaí carthanachta chomh maith! Bhí mise an-tógtha ar fad le The Little Shop (le feiceáil thíos – áit atá lán le healaín, cártaí gleoite beannachta, priontaí, seodra agus gach sórt áilleagáin eile). Má tá neart ama agat, b’fhéidir gur mhaith leat dul tríd an liosta spraíúil seo de 74 rud gur féidir a dhéanamh ar Bhóthar Gloucester.

Má tá sos (EILE!) ag teastáil ag an bpointe seo, d’fhéadfaí stopadh ag  The Gallimaufry (The Galli), beár neamhspleách i gcroílár Gloucester Road. Tá rogha mhaith beoracha ceirde anseo agus tá an áit cóirithe go han-deas ar fad. Dála an scéil, glacann an áit seo leis an bpunt Bhriostó chomh maith – airgeadra atá forbartha le tacú le gnónna neamhspleácha sa gcathair. Nach smaoineamh iontach é seo? Níor ith muid aon cheo sa Galli ach bhí mé go mór in éad leis na daoine in aice linn a raibh na sceallóga móra gambacha acu. Bhí cuma thar a bheith blasta orthu agus boladh aoibhinn ar fad ag teacht uathu. Más feoilséantóir thú, tá roinnt mhaith roghanna do bhia sa gceantar seo freisin. Seans go bhfuil leid nó dhó tugtha agam anseo go bhfuil mé an-tógtha le bia!

Béile deas istoíche

Má thaitníonn bia spiosrach leat, mholfainn go mór bord a chur in áirithe in Urban Tandoor. Tháinig muid ar an mbialann seo trí chuardach Google agus léirmheasanna moltacha dearfacha a léamh agus bhí muid an-sásta ar fad léi. Measaim gurbh é an béile Indiach ba bhlasta a bhí agam go dtí seo. Tá caighdeán an bhia iontach maith anseo, tá an fhoireann cairdiúil agus shíl mé go raibh an bhialann i bhfad níos saoire ná bialanna Indiacha ar chomhchaighdeán i mBaile Átha Cliath. Bhí an sicín madras agamsa agus roghnaigh Mark an safroni nihari gosht (ceann nua domsa!), ach buaicphointe an bhéile ná an sicín tandoori a bhfuair muid don réamhchúrsa – bhí sé thar a bheith bog agus bhí an meascán spíosraí a úsáideadh ann go hálainn ar fad. £36.60 ar fad a bhí ar an mbille seo. Bialann eile a bhí muid ag iarraidh a thriail agus muid ann ná Nutmeg i Sráidbhaile Clifton ach bhí sí lán agus níor éirigh linn bord a fháil. Bhreathnaigh an bia an-deas, áfach, agus bhí an chuma ar an scéal go raibh atmaisféar maith ann. Má thaitníonn bia Téalannach leat, mholfainn cuairt a thabhairt ar an Giggling Squid i Sráidbhaile Clifton.

Chun deireadh a chur leis an oíche (mura bhfuil oíche phléaráca beartaithe), d’fhéadfaí siúlóid bheag a dhéanamh taobh an chuain. Bíonn an-bheocht anseo istoíche agus ta neart beáranna, caiféanna agus bialanna timpeall Chearnóg na Mílaoise mura bhfuil do dhóthain ite nó ólta cheana! Nuair a bhí muid ann d’fhan muid tamall maith ag éisteacht le fear óg ag seinm ceann de na pianónna pobail mar chuid den tsuiteáil Play Me, I’m Yours!

An mhaidin dár gcionn

Chun tús breá a chur leis an maidin dár gcionn, mholfainn go mór dul ag spaisteoireacht timpeall Shráidbhaile Clifton, bruachbhaile beag álainn de chuid Bhriostó. Tá an t-uafás siopaí beaga áitiúla, búitíceanna, caiféanna agus bialanna deasa anseo chun tú a choinneáil gafa ar feadh cúpla uair a chloig. Tá roinnt siúlóidí deasa ann chomh maith. Sula dtosaíonn tú ag fámaireacht sa sráidbhaile seo, d’fhéadfaí bricfeasta a fháil i gceann de na háiteanna timpeall Boyce Avenue nó King’s Road – tá go leor roghanna ar fáil anseo. Chuaigh muidne go Primrose Café, áit bhreá le rogha leathan bia ar fáil – cácaí deasa san áireamh, cé nach raibh sé a deich a chlog go fóill! Tá an áit seo buailte le Clifton Arcade – stua siopadóireachta gleoite Victeoiriach a bhfuil dornán siopaí beaga neamhghnácha ann. Má thaitníonn stuif tí leat, b’fhiú go mór bualadh isteach chuig My English Home (in ainneoin an t-ainm atá air!), tá rudaí áille acu a bheadh an-deas i dteach ar bith in Éirinn. Mheas mé go raibh na praghasanna réasúnta chomh maith – ní gá ach spás a fhágáil i do bhagáiste láimhe do na rudaí deasa seo! Díolann siad péint Annie Sloan freisin.

I ndiaidh seo, b’fhiú siúl síos chuig an droichead crochta le radharcanna den chathair thar Scornach Avon a fháil. Tá an chomharsanacht timpeall an droichid go hálainn freisin le go leor tithe móra Seoirseacha sa gceantar máguaird. Má tá an aimsir i gceart, gach seans go bhfeicfidh tú roinnt mhaith balún aer te – tá cáil ar Bhriostó mar gheall orthu seo! Níor éirigh liom grianghraf ar chaighdeán maith go leor a thógail díobh le roinnt faraor!

Conas Dul Ann

Téann Ryanair agus Aer Lingus araon ó Bhaile Átha Cliath go Briostó agus téann Easy Jet ó Bhéal Feirste.  D’éirigh linn ticéid ar €1.99 an duine a fháil le Aer Lingus! Leis na cánacha agus costais eile san áireamh (mála 20kg agus an táille riaracháin), d’íoc muid £185.94 san iomlán ar dhá thicéad fillte.  Téann bus isteach chuig an gcathair ón aerfort goagus tógann sé thart ar leathuaire. Breis eolais anseo.

Lóistín

Tá go leor roghanna lóistín timpeall na cathrach. D’fhan muid féin dhá oíche ann – ceann san Ibis City Centre agus oíche eile in The Rodney Hotel i Sráidbhaile Clifton. Bhí an Ibis suite in áit dheas lárnach in achar siúil ó chuile rud a bhí muid ag iarraidh a fheiceáil timpeall lár na cathrach. Níl na hóstáin Ibis ar na háiteanna is galánta ar domhan ach ar a laghad tuigeann tú cén chuma a bheas ar an áit roimh ré. Tá an ceann i mBriostó an-ghar don uisceadán, taobh an chuain agus go leor rudaí eile. Tá t-óstán Rodney an-áisiúil má tá tú ag iarraidh am a chaitheamh i Sráidbhaile Clifton. Níl sé ach cúpla nóiméad ó radharcanna uile an cheantair agus tá gach rud ar leac an dorais – beáranna, bialanna, siopaí agus eile. É sin ráite, bhí ár seomra beag go leor agus d’fhéadfaí athchóiriú a dhéanamh ar an áit freisin. Tá cúrsaí páirceála anseo teann go leor má tá carr leat!

Focal Scoir

Má tá sé i gceist agat dul as baile do dheireadh seachtaine go luath, mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar an gcathair bhríomhar seo. Tá an chathair lán le healaín sráide iontach, siopaí neamhghnácha, bialanna breátha agus siamsaíocht oíche den scoth. Má tá níos mó ná cúpla lá agat le caitheamh ann, b’fhiú go mór cuairt a thabhairt ar na Cotswolds. Tá an ceantar seo go haoibhinn ar fad agus mholfainn dul chuig na sráidbhailte seo má tá am agat: Bourton on the Water, Broadway, Chipping Campden, Stow on the Wold agus Tetbury.

Tá breis eolais ar fáil ag https://visitbristol.co.uk/  agus https://www.visitengland.com/things-to-do/bristol 

This slideshow requires JavaScript.

 

 

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s