Ní féidir liom a rá gur saineolaí ar bhia Gréagach mé. Ag deireadh an lae, níl ach cúpla lá caite agam i gCorfú (cé gur ith mé neart ann!) agus bhí mé i mbialann Ghréagach amháin anseo i mBaile Átha Cliath roimhe sin. Ach táim gafa le húmas agus cáis feta, is breá liom tzatziki, moussaka, gyros (cineál ceibeab) agus go leor eile de phríomhbhianna na tíre. Nuair a mhol cara liom triail a bhaint as bialann Ghréagach ar Shráid an Dáma i mBaile Átha Cliath le deireanaí, bhí mé ar bís le cuairt a thabhairt uirthi. Is beadaí í Clare freisin agus bíonn moltaí maithe aici i gcónaí. Agus ní bhíonn mórán de leithscéal ag teastáil uaimse riamh le dul amach do bhéile!
Oíche Shathairn, bhí mé féin agus Mark tar éis bheith ag imeacht sa gcathair don lá ar fad gan mhórán bia a bheith againn in aon chor agus bhí muid stiúgtha leis an ocras. Mheas muid gurbh am maith é le triail a bhaint as an mbialann a mhol Clare. Bhí muid ag siúl síos Sráid an Dama nuair a shroich muid an bhialann Ghréagach Kostas (an ceann ar cheap mé a bhí molta ag Clare …). Bhí grinnscrúdú ar bun againn ar an mbiachlár taobh amuigh den áit nuair a tháinig Gréagach croíúil cairdiúil amach le cúrsaí a mhíniú dúinn – mhínigh sé go raibh muid ródheireanach don bhiachlár tús oíche ach nach mbeadh aon aiféala orainn leis an mbia (bhí dul amú air faoin gceann seo faraor!) agus gheall sé go mbeadh neart bia ar an bpláta (rud a bhí fíor is dóigh!). Ba leor sin le dul i bhfeidhm go sciobtha ormsa dul isteach!
Tá an dearadh sa mbialann bunúsach go leor ach breá teolaí le coinnle lasta timpeall na háite. Bhí atmaisféar deas ann freisin le meascán maith daoine agus tá an áit foirfe le breathnú ar gach éinne ag siúl thar bráid ar an tsráid lasmuigh. D’aithin mé go leor de na príomhchúrsaí traidisiúnta ar an mbiachlár – moussaka, spanakopita (taosrán filo stuáilte le spionáiste agus cáis feta), ceibeabanna agus dolmades (duileoga fíniúna stuáilte le feoil agus spionáiste) agus bhí na praghasanna an-réasúnta do lár na cathrach freisin. Sa deireadh roghnaigh mise an pastitsio (mias phasta bhácáilte le feoil mhionaithe, cáis agus anlann bhán) le gloine Sauvignon Blanc agus roghnaigh Mark an gemista (piobair rósta líonta le feoil agus rís) agus beoir Ghréagach darb ainm Mythos.
Bhí cuma dheas ar ár mbéilte nuair a tháinig siad, go háirithe an gemista (cé nach bhfui mo chuid grianghraf rómhaith an babhta seo!). Bhí béile Mark go breá ach mheas mé go bhféadfainn béile cosúil leis a réiteach gan mórán stró mé féin. Ní raibh Mark róthógtha leis an mbeoir Ghréagach ar chor ar bith agus tar éis beoir cheirde a ól roimh an mbialann cheap sé go raibh an Mythos “sách lofa”. Bhí mo dhinnéar féin fuar, áfach. Bhí an oiread sin díomá orm leis. An t-aon rud a bhí go deas faoi ná an tzatziki a bhí leis. Bhí an sailéad ar an taobh togha freisin, go háirithe má thaithníonn leitís oigheargheal leat! Bhí an pastitsio fuar sa lár agus cosúil le droch-lasagna i mo thuairim – an uair dheireanach a raibh lasagna fuar agam bhí mé ag ceiliúradh Sheachtain na nGiobal agus mé ar an ollscoil agus bhí roinnt mhaith ólta agam ag an am! Bím i gcruachás i mbialanna nuair a fhaighim bia nach bhfuil ar chaighdeán sásúil – ar cheart rud éigin a rá leo nó iarraidh orthu go deas séimh an béile a théamh san oigheann micreathonnach nó an ndéanfar rud éigin gránna aisteach leis an mbéile ar ais sa gcistin? Go hiondúil, coinním mo chlab dúnta, ithim an bia (mura bhfuil sé do-ite nó amh) agus ní fhágaim séisín i mo dhiaidh. Ní tharlaíonn sé seo rómhinic buíochas le Dia!
Tá Kostas nua-oscailte agus tá aiféala orm drochléirmheas a thabhairt dóibh. Is rud bunúsach é, i mo thuairimse, áfach, teocht an bhia a fháil i gceart agus béile te a thabhairt do dhaoine. Is trua é mar tá na praghasanna réasúnta agus tá an fhoireann an-chairdiúil ann. Má tá éinne ag iarraidh bia deas Gréagach a ithe i mBaile Átha Cliath, ní gá ach dul suas an bóthar go Mykonos Taverna (an bhialann a mhol Clare mar a tharlaíonn sé ach go raibh dul amú orm – an iomarca ocrais orm b’fhéidir!). Tá biachlár iontach tús oíche acu de réir cosúlachta agus béile breátha. Rachaidh mé ann an chéad uair eile!
Kostas, 69 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
Facebook +353 1 670 8242
An Bille: €41.95 do dhá phríomhchúrsa, gloine fíona agus buidéal beorach.
Seirbhís: An-chairdiúil.
Atmaisféar: Bríomhar le meascán maith daoine sa mbialann – teaghlaigh, lánúineacha agus cairde.