Is cathair bhríomhar í Maidrid atá foirfe le deireadh seachtaine a chaitheamh ann. Má thaitníonn bia blasta, siamsaíocht oíche, ealaín agus ailtireacht nó spórt leat, bainfidh tú an-taitneamh as briseadh ag spaisteoireacht timpeall phríomhchathair na Spáinne. Seo thíos conas ar chaith muidne deireadh seachtaine den scoth ann tamall ó shin.
Céard atá le déanamh?
Turas Rothair
Is breá liom turais siúil nó rothair a dhéanamh le treoraí áitiúil chun níos mó eolais a fháil ar chathair. Go hiondúil, feictear príomhiontais na cathrach agus faightear neart smaointe agus leideanna úsáideacha lena linn don chuid eile den turas (má tá treoraí maith agat!). Chuir muid tús breá lenár saoire féin le turas rothair le Bravo Bike. Beidh mé ionraic leat. Is meatachán mór mé agus bhí mé ábhairín faiteach roimh ré mar gheall ar chúrsaí tráchta agus eile. Ach tháinig mé slán as agus bhain mé an-taitneamh as an eispéireas! Tá sé an-éagsúil bheith ag rothaíocht timpeall Mhaidrid i gcomparáid le cathracha na hÉireann- tá lánaí rothair den scoth ann agus tá roinnt áiteacha saor ó thrácht freisin! Chaith muid trí uair a chloig i gcomhluadar ár dtreoraí Kasper ag dul trí roinnt de na ceantair éagsúla i gcroílár Madrid. Cuid de na buaicphointí ar an turas ná na nithe seo a fheiceáil: Palacio Real de Madrid (Pálás Ríoga Mhaidrid), Plaza Mayor, Catedral de la Almudena agus Parque de El Retiro. Téitear timpeall na cathrach ar luas deas réidh agus bíonn sos sólaistí sa lár. Faightear blúiríní eolais faoi na foirgnimh agus radharcanna éagsúla agus bíonn neart deiseanna grianghraf a thógáil.
Costas: €35
Fad: 3 uair a chloig
Amanna: 10.00 nó 15.00
Pointe Tosaigh: 19 Calle Juan Álvarez Mendizábal
Roinnt de na rudaí a chonaic muid …
Sacar
Ní bean mhór sacair mé in aon chor agus bhí orm dul chomh fada le Maidrid chun mo chéad chluiche sacair beo a fheiceáil. Agus bhain mé an-taitneamh as! Ón uair a shroich muid comharsanacht na staide peile Estadio Vicente Calderón, bhí atmaisféar iontach le brath don chluiche Atlético Madrid i gcoinne Málaga. Idir chanadh agus gartha lucht leanúna Atlético, bhí an-chraic againn. Bhí orm hata Atlético a cheannach fiú – ceann a chaithim minic go leor! B’fhéidir go mbeidh mé i mo leantóir sacair go fóill! Dar ndóigh, tá Estadio Santiago Bernabéu i Maidrid freisin – an staid a n-imríonn Real Madrid inti! Sin deireadh le mo chuid eolais ar chúrsaí sacair!!
Bia
Más beadaí críochnaithe tú cosúil liomsa, beidh tú sona sásta i Maidrid. Bhí mé ag súil go mór le bia Mhaidrid a thriail. Idir tapas, pinxtos agus paella, bhí neart roghanna ann chun muid a shásamh agus chaith muid formhór ár gcuid ama ag ithe agus ag ól! (Iontas na n-iontas!) Agus mé ag iarraidh smaoineamh ar gach rud a rinne muid ó thús deireadh na saoire, sílim gur chaith muid formhór an ama ag ithe agus ag ól!
Margaí

Mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar an dá mhargadh mhóra iomráiteacha Mercado San Antón agus Mercado de San Miguel. Tá Mercado de San Miguel suite gar do Plaza Mayor. Tá sé go hálainn siúl ó stainnín go stainnín ag blaiseadh an bhia agus na ndeochanna éagsúla atá ar fáil- an-áit le roinnt tapas a bhlaiseadh! Moladh dúinn triail a bhaint as an vermouth agus muid ann freisin ach caithfidh mé a rá nach raibh ceachtar againn róthógtha leis an deoch seo ar chor ar bith! Tá an-atmaisféar sa margadh seo agus neart roghanna chun chuile dhuine a shásamh. Margadh eile arbh fhiú go mór cuairt a thabhairt air ná Mercado San Antón atá suite i gcroílár cheantar Chueca. Tá an margadh seo suite thar thrí urlár agus tá sé beagáinín níos galánta agus nua-aimseartha ná an ceann eile. Tá bialann agus beár ag barr an fhoirgnimh le háit suí ar an díon faoin ngrian. B’fhiú go mór na mojitos a thriail – tá siad thar cionn!
Caiféanna & Bialanna
Má tá dúil mhór agat sa tseacláid, caithfear cuairt a thabhairt ar Chocolatería San Gines. Tá cáil ar an gcaifé seo de bharr a gcuid chocolate con churros atá ceaptha bheith ar na cinn is fearr i Maidrid. Is cineál taosráin iad atá sórt cosúil le taoschnó agus faightear iad le muga seacláid the. Bíonn an áit oscailte 24 uair a chloig sa lá, gach lá sa mbliain – níl aon leithscéal mar sin gan dul ann! Ach amháin más andúileach seacláide thú, is leor ceann amháin idir beirt! Tá siad cuibheasach trom!
Tháinig muid ar an gcaifé álainn suimiúil seo trí thimpiste agus muid ag lorg áit éigin le bricfeasta a fháil. Mar a chuireann ainm an chaifé in iúl, tá béim ar chúrsaí rothaíochta agus caife ann. Bíonn cainteanna agus ceardlanna éagsúla ar ábhair rothaíochta ar siúl ann ó am go ham agus tá trealamh ar fáil don té ar mhaith leis nó léi a rothar a dheisiú. Rogha maith don bhricfeasta nó do bhróinse má tá fonn ort súil thart timpeall cheantar Malasaña ina dhiaidh.
Lateral Santa Ana, Plaza de Santa Ana
Is áit iontach í an bhialann Lateral le suí taobh amuigh agus breathnú ar gach éinne ag siúl thart timpeall na cearnóige bríomhaire Plaza de Santa Ana. Tá na patatas bravas anseo an-bhlasta!
Má tá tú sa tóir ar na croquetas is blasta i Maidrid de réir phobalbhreith ar fud na cathrach, b’fhiú bualadh isteach chuig Casa Julio (más féidir leat teacht ar an taobhshráid ar a bhfuil sé!). Bíonn an áit bheag bhídeach seo pacáilte agus bíonn idir thurasóirí leis an Lonely Planet faoin ascaill acu agus mhuintir na háite ag ól caña i lár an lae ann. Thug Bono agus U2 cuairt ar an áit fiú!
La Mallorquina, Puerta del Sol
Má tá tú sa tóir ar bheadaíocht, seo an áit le dul. Caithfidh mé a rá go bhfuil an siopa cístí/caifé seo i gcroílár Puerta del Sol ábhairín scanrúil nuair a shiúlann tú isteach ar dtús. Tá an oiread sin roghanna ar fáil agus bíonn an áit plódaithe le turasóirí agus daoine áitiúla sa tóir ar chácaí, cístí, milseáin, agus taosráin. Bí cróga, áfach, agus léim isteach i gceann de na scuainí móra agus ordaigh rud éigin deas. Bhain muid triail as na napolitanas líonta le custard!
Siopadóireacht
Má tá tú ag iarraidh roinnt siopadóireacht a dhéanamh, tá neart roghanna i lár na cathrach mórthimpeall Gran Via. Moladh dúinn cuairt a thabhairt ar mhargadh na míol El Rastro a bhíonn ar siúl chuile Dhomhnach. Bhí beocht iontach ann ach mheas muid go raibh neart bruscair ann! Má tá tú go maith ag siortú trí ráillí, b’fhéidir go dtiocfaidh tú ar sheoid éigin anseo, áfach!
Beáranna
B’fhiú go mór bualadh isteach chuig roinnt beáranna agus tú i Maidrid, tá éagsúlacht iontach ann agus bíonn an-atmaisféar iontu. Is iad na ceantair is mó a thaitin linn don saol istoíche ná Malasaña agus Chueca. As na beáranna ar fad ina raibh muid, mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar La Azotea ar bharr Círculo de Bellas Artes. Chomh maith le bheith ag cur le do dhath gréine amuigh ar an díon, tá na radharcanna thar Mhaidrid dochreidte ar fad! Bhain mé triail as mo chéad tinto de verano anseo! Cúpla míbhuntáiste a bhaineann leis an áit seo ná go bhféadfaí bheith ag fanacht tamall i scuaine mhór le dul isteach chuig an mbeár agus caithfear íoc as an eispéireas (c. €4 an duine le dul isteach agus níl na deochanna róshaor ann ach oiread!). É sin ráite, áfach, measaim gur fiú go mór dul isteach chun na radharcanna aoibhne a fheiceáil.
Bhí an áit ghalánta seo díreach buailte lenár gcuid lóistín. Níl mórán de chuma ar an áit ón lasmuigh ach tá sé an-éagsúil taobh istigh agus ní mór duit bheith pioctha cóirithe don ócáid! Chomh maith le spórtlann, tá deochlann mhanglam, bialann agus beár faoin aer ar an díon. Má tá tú ag iarraidh crochadh thart le péicealláin Mhaidrid, seo an áit le dul.
Fábrica Maravillas , Malasaña
Má thaitníonn beoracha ceirde leat, seo áit mhaith le triail i gceantar Malasaña. Bhí foireann an bheáir an-chairdiúil freisin!
Tupperware, Malasaña
Chun deireadh a chur leis an oíche, beidh neart comhluadair, damhsa agus spraoi agat in Tupperware. Bhí orainn fanacht i scuaine tamall sular ceadaíodh dúinn dul isteach ach bhí píosa spraoi againn ann! Má thaitníonn stíl kitsch leat, beidh tú an-sásta leis an gcaoi a bhfuil an áit seo maisithe.
Ealaín Sráide
Rud eile a thaitin go mór linn agus muid ag spaisteoireacht timpeall na cathrach ná breathnú ar an ealaín álainn sráide a bhí le feiceáil timpeall gach dara coirnéal. Níl tuairim agam cé na healaíontóirí atá freagrach as na píosaí seo, faraor, ach taitníonn siad go mór liom. Bhí an-aiféala orm nach raibh go leor ama againn cuairt a thabhairt ar cheachtar den dá mhúsaem cháiliúla ealaíne – Museo del Prado agus Centro de Arte Reina Sofía ach tugann sé leithscéal iontach dúinn filleadh ar an gcathair arís amach anseo!
Conas Dul Ann?
Téann Ryanair agus Aer Lingus araon ó Bhaile Átha Cliath go Maidrid agus bíonn margaí iontacha ar fáil má bhíonn an t-ádh leat. D’íoc muidne €70.98 an duine ar thicéad fillte le Aer Lingus. Téann an meitreo díreach isteach chuig an gcathair ón aerfort ansin. Breis eolais anseo.
Lóistín
Tá an t-uafás roghanna lóistín i Maidrid, cinn áirithe atá an-saor freisin! D’fhan muid féin in Apartamentos Dana Madrid don deireadh seachtaine. Tá na hárasáin féin bunúsach go leor ach tá an-luach ar airgead le fáil agus tá an suíomh ina bhfuil siad suite iontach ar fad. D’íoc muidne €166 san iomlán don bheirt againn don deireadh seachtaine agus bhí muid in ann siúl chuile áit ón árasán. Má tá rogha níos saoire uait fiú, b’fhiú breathnú ar cheann de na brúnna atá scaipthe ar fud na cathrach – tá 117 liostáilte ar shuíomh HostelWorld !
Focal Scoir
Má tá briseadh deas uait atá saor go leor agus le neart le déanamh lena linn, mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar an gcathair bhríomhar seo. Tá an chathair lán le cultúr, spraoi agus siamsaíocht oíche den scoth … agus tá an sacar ann chomh maith! Deirtear gurb iad na hamanna is fearr le dul go Maidrid ná san earrach agus sa bhfómhar. Éiríonn sé thar a bheith te sa samhradh!
Tá breis eolais ar fáil ag https://www.esmadrid.com/en agus http://turismomadrid.es/en/
Smaoinímse ar shoithí nuair a chloisim “Tupperware” !! 😉
LikeLiked by 1 person