Má tá conair nua shiúil uait le triail nó turas lae don teaghlach ar fad á phleanáil, mholfainn Páirc Shléibhe Bhinn Chuilceach i bhFear Manach go hard. Suite fiche nóiméad ó Inis Ceithleann, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an áit álainn seo atá mar chuid de Gheopháirc Dhomhanda Uaimheanna na hÁirse Marmair agus conair Bhinn Chuilceach-Lag na Brocaí a dhéanamh.
Ar an Domhnach beag seo atá díreach thart bhí muid ag iarraidh smaoineamh ar rud éigin éagsúil le déanamh don lá. Go hiondúil bíonn plean éigin agam don deireadh seachtaine roimh ré agus bím réitithe le gníomhaíocht de shaghas éigin a dhéanamh. Ach bhí mé neamheagraithe agus leisciúil an ceann seo! Tar éis dul trí na féidearthachtaí ar fad, bheartaigh muid ar ala na huaire dul go Fear Manach don oíche agus an tsiúlóid seo a dhéanamh. Bhí an-spraoi againn ar ár saoire ghairid thar oíche agus bhí muid thar a bheith sásta go ndeachaigh muid as baile. Tá neart le feiceáil timpeall Inis Ceithleann: Loch Éirne, Loch Mac nÉan, Caisleán na Cúile, Mullach na Seangán agus neart eile. Cheap muid beirt gur chuir muintir Fhear Manach go mór lenár n-eispéireas – bhí chuile dhuine a casadh orainn thar a bheith cairdiúil agus fáilteach agus caitheadh go hálainn linn aon áit a raibh muid. B’fhéidir gur chóir dom níos mó rudaí a dhéanamh as maoil mo chonláin amach anseo!
Bhí muid tar éis neart tráchtaireachta a fheiceáil ar líne faoin gconair shiúil agus dúirt muid go mbainfeadh muid triail aisti. Tá an-tóir ar an tsiúlóid seo a théann thar thalamh feirme, ghairbhéal agus chlárchosán chuig barr Bhinn Chuilceach agus tá radharcanna áille thart timpeall ort an bealach ar fad. Tógadh an clárchosán in 2015 leis an mbratphortach neamhchoitianta thíos faoi a chosaint. Is é an bratphortach seo ceann de na cinn is mó ó thuaidh agus ceann de na bratphortaigh is sláine in iarthar na hEorpa de réir cosúlachta. Tá siúlóid 7km le déanamh sula sroichtear an barr atá 666m os cionn leibhéal na mara agus tá sí measartha éasca má tá tú aclaí in aon chor agus má tá an aimsir go deas. Tá na céimeanna ag an deireadh ar fad dian ar na cosa ach tá siad indéanta agus níl an t-uafas acu ann! Go háirithe agus radharc aoibhinn agat thar Loch Atona thíos fút, ní chuireann na céimeanna géara chomh mór sin isteach ort! Tá cúpla carraig ag an mbarr ar féidir suí orthu agus taitneamh a bhaint as an timpeallacht álainn mórthimpeall ort nó picnic a ithe má tá ceann leat.
Má thaitníonn sé leat bheith amuigh faoin aer agus triail a bhaint as rud éigin éagsúil, mholfainn go mór aghaidh a thabhairt ar Bhinn Chuilceach agus taitneamh a bhaint as an eispéireas! Tá neart deiseanna ann d’fhéiníní maithe a ghlacadh freisin!
Cúpla Nod
Níl cead madraí a thabhairt ar an tsiúlóid seo agus tá fógraí timpeall na háite ag cur in iúl go bhfuil cosc orthu.
B’fhiú bheith ann luath chun spás páirceála a fháil. Tá an carrchlós beag bídeach agus tá an t-uafás siúlóirí agus turasóirí ag triall ar an áit le tamall beag anuas – níor mhaith leat bheith gafa i dtranglam trachta ar na bóithre cúnga ann. Bhí an t-ádh orainn bheith ann thart ar 11.00 ar maidin agus bhí an áit sách lán le carranna fiú ag an staid sin.
Tabhair éadaí teo agus uiscedhíonacha leat ar fhaitíos na bhfaitíos. Níl aon foscadh ann ón drochaimsir agus athraíonn an aimsir go han-sciobtha ann.
Má tá tart ort tar éis na siúlóide agus má tá deoch deas uait le do scíth a ligean, mholfainn go mór triail a bhaint as an Bramble in Granny Annie’s … tá an deoch seo thar a bheith blasta (agus an-éasca le hól)!
Má tá tú an-tógtha le Cluiche na Corónach, táim cinnte gur mhaith leat cuairt a thabhairt ar an teach tábhairne Blake’s i lár an bhaile. Thit dhá chrann síos sa láthair scannánaíochta Dark Hedges agus úsáideadh an t-adhmad le deich ndoras saindéanta uathúla a dhéanamh. Tá ceann díbh in Blake’s. Tá pas agus stampa le fáil i ngach ceann de na háiteanna a bhfuil na dorais seo iontu.
Naisc Úsáideacha:
http://www.marblearchcavesgeopark.com/2015/07/cuilcagh-mountain-trail-open/
http://www.marblearchcavesgeopark.com/attraction/cuilcagh-mountain/
http://www.walkni.com/walks/13653/cuilcagh-way-walk-2-cuilcagh-legnabrocky-trail/