An Bhfuil Cárta Deontóra Orgán Agatsa?

IKA2

An bhfuil cárta deontóra orgán agat? Nó ar smaoinigh tú ar cheist an deonaithe orgán riamh? Anois an t-am ceart le roinnt machnaimh a dhéanamh air agus an tSeachtain Feasachta i leith Deontóirí Orgán faoi lánseol. Is í príomhsprioc na seachtaine seo ná meabhrú do mhuintir na hÉireann comhrá tábhachtach a bheith acu lena muintir féin maidir leis an deonú orgán mar aon le feasacht a chruthú ar an éileamh ollmhór atá ar an trasphlandú san am i láthair.

Níl aon amhras ach gur ceist throm í seo agus níl sí ródheas le plé. Amanna, ní smaoiníonn muid air seo go dtí go dtarlaíonn tragóid inár saol féin agus go mbíonn orainn dul i ngleic leis. Bhí an deonú orgán ina ábhar cainte i dteach s’againne riamh. Bhíodh cárta ag mo Mham i gcónaí agus mhínigh sí dúinn faoi ó aois óg. Níor thuig muid riamh, áfach, go mbeadh ceist an deonaithe orgán mar phríomhábhar plé againn mar theaghlach síos an bóthar.

Bhí m’athair i gcónaí chomh folláin le breac. Tháinig slaghdán nó dhó air corruair ach b’shin an méid. Ní raibh sé san ospidéal riamh. Is cuimhin liom an glaoch úd a fháil ó mo mháthair le rá go raibh sé tinn agus in Ospidéal Naomh Uinseann. Bhí rud éigin cearr lena chuid duán agus bhí siad chun roinnt tástálacha a dhéanamh. Ní aistear fada é ó Dhroim Conrach go Bóthar Mhuirfean ach bhraith mé gach soicind de agus cheap mé nach sroichfinn an t-ospidéal riamh. Chuir gach solas dearg le mo bhuairt agus imní. Níor thuig muid gur bhain na comharthaí sóirt “slaghdáin” a bhí ar m’athair an tseachtain sin le cliseadh duánach sa chéim dheireanach agus go raibh a shaol chun athrú go hiomlán thar oíche. Thosaigh sé ar an scagdhealú duán an lá ina dhiaidh sin agus b’shin nósmhaireacht a lean sé leis ar feadh trí bliana ina dhiaidh sin. Níl a scéal ró-éagsúil ó scéal go leor daoine eile le cliseadh duánanch inár measc.

Tá os cionn 2000 duine ag fáil scagdhealaithe duán sa tír seo i láthair na huaire. Ciallaíonn sé seo turas chuig an ospidéal gach dara lá do go leor daoine le dul ar mheaisín a dhéanann obair na nduán dóibh. Maireann sé seo ceithre uair a chloig go hiondúil agus tá sé tuirsiúil agus dian go leor ar an gcorp. An t-aon dóchais agus faoiseamh atá ann do na daoine seo ná trasphlándú a fháil. Tá thart ar 600 ag fanacht ar thrasphlandú croí, scámhóige, ae, duáin agus paincréis sa tír seo faoi láthair. An fhírinne lom bhrónach ná go bhfuil baol mór ann do roinnt de na daoine seo go gcaillfear iad mura bhfaigheann siad orgán cuí. Cé go raibh m’athair ar an liosta feithimh le tamall, níor tháinig aon orgán cuí chun cinn le linn na tréimhse sin agus rinne mo mháthair cinneadh ollmhór cróga go raibh sí chun ceann dá duáin a dheonú dá mbeadh sé feiliúnach. Agus bhí a duán foirfe! Díreach cosúil leis an gcaidreamh eatarthu, go hiomlán oiriúnach dá chéile. Ní dóigh liom go bhfuil léiriú níos fearr ar dháimh, gaol, grá nó cairdeas ná an gníomh seo. Níl fhios agam féin i ndáiríre an mbeinnse féin chomh cróga céanna léi. Tá meas ollmhór agam ar leithéidí Joe Brolly agus Vivienne Traynor a rinne an rud neamhleithleaseach céanna.

Cuireann sé go mór isteach orm go fóill, áfach, go mbíonn ar dhaoine cróga cosúil le mo Mham dul faoi scian agus orgán a dheonú toisc go bhfuil ganntanas ann. Measaim go mbeadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh muid ar fad ar bhunachar deontóirí orgán go huathoibríoch agus go mbeadh rogha ann gan bheith páirteach ann agus d’ainm a bhaint dá m’ba mhian leat ansin. Níl go leor cainte inár gcuid scoileanna, inár dtithe agus i measc an phobail i gcoitinne ar an ábhar seo. Agus ní mór dúinn caint faoi. Agus caint faoi inniu agus cinneadh eolach a dhéanamh. Faigh tuilleadh eolais ar an deonú orgán inniu ar shuíomh Chumann Duán na hÉireann agus déan difear ollmhór do shaol duine éigin agus tú imithe ar shlí na fírinne. Chun cárta a fháil, íoslódáil an ríomhchárta ón App Store nó ó Google play nó cláraigh anseo

Físeán Cumhachtach ón Údarás um Deonú Orgán agus Fíocháin de chuid Rialtas na hÁstráile:

Foinse na nÍomhánna: Cumann Duán na hÉireann

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s