Císte Cáise Líomóide & Líoma

davMilseog éadrom álainn citris a rachaidh i bhfeidhm ar chairde agus ar chlann. Tá an císte seo foirfe do chóisir dhinnéir nó ócáid speisialta ar bith. Tá sé sciobtha agus fíoréasca le déanamh agus breathnaíonn sé go hálainn.

Comhábhair

An Bonn

200g briosca caiscíneacha

200g brioscaí coirce

75g im

1 tsp mil

An Císte

750g Cáis Uachtair

100ml Uachtar Dúbailte

150g Siúcra Mín

1 Líomóid

2 Líoma

1 tsp Úsc Fanaile

Le Maisiú

Duilleoga Miontais

Sútha Craobh

Céimeanna

  1. Cuir na brioscaí ar fad isteach sa bpróiseálaí bia go dtí go bhfuil grabhróga míne agat. Mura bhfuil próiseálaí bia agat, is féidir na brioscaí a chur isteach i mála láidir plaisteach agus iad a bhrú le crann fuinte. Cuir na grabhróga isteach i mbabhla mór.
  2. Leáigh an t-im i mbabhla beag gloine san oigheann micreathonnach nó i bpota beag ar theas íseal é. Doirt anuas ar na brioscaí brúite é agus measc go maith le chéile iad leis an mil.
  3. Bealaigh an stán le ruainne beag ime. Cuir an meascán brioscaí isteach sa stán agus brúigh síos ann le spúnóg iad. Ba cheart go gclúdaíonn na brioscaí bonn iomlán an stáin. Clúdaigh le scannán cumhdaithe nó scragall agus cuir isteach sa gcuisneoir é.
  4. Déan sú de na torthaí agus grátáil an craiceann díbh. Seachain an chuid bhán a chur isteach!
  5. Cuir an cháis uachtair, an t-uachtar dúbailte, an sú, an craiceann líomóide agus líoma, an siúcra agus an t-úsc fanaile isteach i mbabhla measctha domhain (úsaidimse féin meascthóir bia chuige seo!). Buail le chéile iad go dtí go bhfuil siad tiubh agus mín.
  6. Tóg na brioscaí amach as an gcuisneoir agus leath an meascán cáise go cothrom ar bharr.
  7. Clúdaigh an stán le scannán cumhdaithe nó scragall stáin arís agus cuir ar ais sa gcuisneoir é le fuarú ar feadh cúig uair a’ chloig ar a laghad. Go hiondúil fágaimse féin thar oíche é.
  8. 15 nóiméad sula mbeidh an císte le hithe, tóg amach as an gcuisneoir é. Faigh scian thanaí agus cuir in uisce te í. Bain úsáid as an scian chun an císte a scaoileadh go bog ó thaobh an stáin. Maisigh an císte leis na sútha craobh agus an miotas. Cuir an citeal ar siúl agus bain an-taitneamh as!

 

Nod: Níl císte cáise ar an milseog is saoire le déanamh. Chun airgead a shábháil, bainim úsáid as comhábhair fhéinbhranda as Lidl, Aldi nó Tesco len’é a dhéanamh. Fad is nach n-úsáideann tú cáis uachtair éadrom nó gan saill, ní thabharfá aon difear faoi deara!

Nóta: Tá an t-oideas seo bunaithe ar oideas le Liam Boland a bhfuarthas ar an suíomh Bia Maith. Tá roinnt bheag athruithe déanta agam air.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s