Tá an lá ag dul chun síneadh agus beidh an aimsir ag éirí níos séimhe go luath (tá súil agam!). Ní dóigh liom go bhfuil bealach ar bith níos fearr chun do scíth a ligean ná bheith amuigh faoin aer ag siúl agus áilleacht na tuaithe thart timpeall ort.
D’fhás mé aníos i lár sráidbhaile beag bídeach in iarthar Chill Mhantáin le cnoic agus sléibhte mórthimpeall orm i gcónaí. Agus mé níos óige, ní dóigh liom gur thuig mé an t-ádh a bhí orm bheith ábalta dul cúig nóiméad síos an bóthar agus páirceanna glasa agus cnoic áille ar leac an dorais againn. Anois agus mé níos sine agus ag cur fúm i lár na cathrach, is breá liom an chathair a fhágáil ag an deireadh seachtaine, bheith amuigh faoin aer ag siúl, agus scíth agus socracht a bheith agam. Seo thíos cuid na siúlóidí is fearr liom thart timpeall Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin. Tá meascán siúlóidí ann – cinn atá réidh go maith agus cinn níos dúshlánaí don chnocadóir a bhfuil taithí aige.
Dioghais, Cill Mhantáin (725m)
Seo ceann de na siúlóidí is fearr liom in Éirinn … ach b’fhéidir go bhfuil mé claonta toisc go bhfuil Dioghais lonnaithe i mo chontae dúchais! Tá an sliabh seo suite os cionn Log an Lá agus eastát mhuintir Guinness (atá ar an margadh ar €28m i láthair na huaire!). Tá radharcanna aoibhne ó gach taobh: Ó Cualann, Loch Té, Bearna Bhealach Sailearnáin agus Sléibhte Chill Mhantáin. Tá roinnt pointí tosaigh éagsúla le dul suas Dioghais ach is fearr liom féin páirceáil áit éigin gar do Choill Bhaile na Stua agus mo bhealach a dhéanamh suas thar na trasnáin iarnróid. Ar lá gaofar, tabhair aire ar an gcosán agus cuir neart éadaí teo ort!
Leithinis Bhinn Éadair, Baile Átha Cliath
Tá Binn Éadair suite timpeall 17km ó lár chathair Bhaile Átha Cliath agus is féidir teacht ar an sráidbhaile beag iascaireachta go fíoréasca ar an dart. Tá an tsiúlóid thar timpeall na n-aillte go haoibhinn ar fad le radharcanna iontacha amach ar Chuan Bhaile Átha Cliath, ar Reachrainn agus ar Mhuir Éireann. Má tá do chroí istigh sa dúlra, bainfidh tú taitneamh as an méid plándaí agus blathanna éagsúla atá le feiceáil ar chosán na n-aillte, mar aon leis an bhfiadhúlra iontach atá coitianta ann (faoileáin, foracha, etc.). Nuair a bhíonn an fraoch, an rabhán agus an t-aiteann faoi bhláth, bíonn cuma fhíorálainn ar an áit. Is mar gheall ar an éagsúlacht iontach speiceas agus gnáthóg seo a d’aithin UNESCO Cuan Bhaile Átha Cliath mar bhithsféar in 1981. Tá na cosáin marceáilte go soiléir agus is féidir siúlóid ghearr nó fhada a dhéanamh ag leanúint na gcosán lúibe. Breis eolais anseo.
Páirceáil: Tá carrchlós ag bun Bhóthar Pholl Scadán.
Céidín, Cill Mhantáin (653m)
Tá an cnoc seo cúpla nóiméad ó mo theachsa agus is breá liom é. Tá an tsiúlóid chuig an mbarr sách gearr agus éasca go leor má théann tú suas an cosán atá idir Ráth Daingin agus Buaile na Bearna Thoir. A mhalairt de scéal é má théann tú suas ón taobh eile! Ar lá geal, bíonn radharcanna áille thar Ghleann Ó Máil, Ráth Daingin, Bhaile an Bhrioscmhálaigh agus Bhealach Conglais. Mholfainn an tsiúlóid seo go hard! Má tá tú sa gceantar seo, b’fhiú bualadh isteach chuig an teach tábhairne Junior’s! Tá Teachín Uí Dhuibhir-Mhic Alastair cúpla nóiméad síos an bóthar freisin.
Páirceáil: Tá áit do charranna idir Ráth Daingin agus Buaile na Bearna Thoir.
Ó Cualann, Cill Mhantáin (501m)
Tá an-tóir ag siúlóirí ar Ó Cualann mar gheall ar a chóngaracht don phríomhchathair agus na radharcanna den scoth thar Chill Mhantáin, Bhaile Átha Cliath agus Mhuir Éireann ón mbarr. Seasann an cnoc seo amach mar gheall nach bhfuil aon chnoc eile buailte leis agus mar gheall ar an gcuma neamhghnách chónúil atá air. Shíl mé i gcónaí gur seanbholcán a bhí ann nuair a bhí mé óg! Tá cupla cosán éagsúil gur féidir a thógáil agus ní thógann sé ach uair a chloig nó mar sin an dreapadh a dhéanamh. Is siúlóid dheas í seo don té nach bhfuil mórán taithí aige ar an gcnocadóireacht toisc nach bhfuil sí rófhada nó ródhúshlánach ar an iomlán. Tá an cosán cuibheasach réidh go dtí barr an chnoic. Tá ard géar ag an mbarr, áfach, agus tá an 100m deireanach dúshlánach go leor! Beidh do chuid lámh agus cos ag teastáil uait!
Páirceáil: CLG Chill Mocheanóg (siúlóid níos faide) nó sa gcarrchlós idir Cill Mocheanóg agus an Tóchar.
Bré chuig na Clocha Liath, Cill Mhantáin
Siúlóid dheas réidh le radharcanna galánta ná an tsiúlóid cois cósta idir Bré agus na Clocha Liath i gCill Mhantáin. Tá an cosán timpeall 6km ar fhad idir na bailte seo agus is féidir tosú i gceachtar díbh. Ceann de na buntáistí a bhaineann leis an tsiúlóid seo ná má athraíonn an aimsir nó má tá tuirse ort ag an deireadh, is féidir an traein a thógail ar ais chuig do thúsphointe. Rud mealltach eile faoin gceann seo ná bheith ábalta bualadh isteach chuig an ceann de na caiféanna deasa atá sa gceantar. Mholfainn cuairt a thabhairt ar The Happy Pear (má ta bord ar bith ar fáil!) sna Clocha Liath chun béile breá blasta nó greim ghasta shláintiúil a fháil.
Log na Coille, Cill Mhantáin (925m)
Is é Log na Coille an sliabh is airde i gCill Mhantáin agus i gCúige Laighean féin fiú. Go hiondúil , tosaíonn daoine ó Ghleann Ó Máil (thar Chamra), ó Ghleann Molúra nó ó Achadh Mheánach. Is siúlóid dhúshlánach fhada an ceann seo agus ní mór bheith thar a bheith cúramach agus ullamh leis na héadaí cearta agus an trealamh cuí. Má thiteann ceo, tá sé fíordheachair do bhealach síos a dhéanamh ach amháin má tá compás leat agus má tá tú ábalta léarscáil a léamh. Má roghnaíonn tú dul suas Camra (ag fágáil ó Fenton’s), b’fhiú cinntiú nach bhfuil an t-arm i mbun traenála agus tú ag trasnú a gcuid talaimh. Má tá lá breá geal agat ar bharr Log na Coille, bíonn na radharcanna go hálainn ar fad agus is deacair iad a shárú!
Páirceáil: Tá carrchlós ag an teach tábhairne Fenton’s, Gleann Ó Máil.
Cairlinn, an Lú
Tá cáil ar Chairlinn de bharr na roghanna iontacha siúlóireachta atá ar fáil ann. Is cuma cén cineál siúlóide atá uait – ceann gearr réidh nó ceann níos dúshlánaí sna cnoic, tá éagsúlacht álainn thart timpeall an tsráidbhaile agus radharcanna áille ar chuile cheann díbh. Seo cúpla ceann le triail – Glasbhealach Chairlinn agus Ó Méith, Bealach na Tána agus Sliabh Feá. Léigh tuilleadh faoin gCairlinn anseo
Mullach Íde go Port Mearnóg, Baile Átha Cliath
Leanann an tsiúlóid seo bóthar an chósta idir Mulach Íde agus Port Mearnóg thar an túr Martello. Is siúlóid ghearr í (c.6 km) ach tá radharcanna áille le feiceáil (Reachrainn, Binn Eadair), go háirithe um thráthnóna agus an ghrian ag dul faoi. Tá an cosán oiriúnach do rothair agus bugaithe chomh maith. Má tá tú ag iarraidh do scíth a ligean i ndiaidh na siúlóide, mholfainn bualadh isteach chuig Donnybrook Fair nó má tá greim níos mó uait, tá Bon Appetit an-deas.
Rinn na Mara go Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath
Má tá siúlóid dheas réidh in aice na farraige uait, seo ceann álainn le déanamh, go háirithe ar lá deas grianmhar. Beidh leithscéal agat tar éis roinnt siúil a dhéanamh, bualadh isteach go Teddy’s nó Scrumdiddly’s chun uachtar reoite mór a fháil! Tá go leor caiféanna, bialanna agus pubanna deasa ag an deireadh freisin má tá bia nó deoch uait. Tá léarscáil anseo le roinnt siúlóidí eile thart timpeall Dhún Laoghaire air.
Tá an-tábhacht ag baint leis an aclaíocht don mheabhair sláinte agus dár sláinte i gcoitinne. Is iomaí buntáiste a bhaineann le bheith amuigh faoin aer agus gníomhaíocht choirp a dhéanamh go rialta: breis fuinnimh, codladh níos fearr, strus a laghdú, féinmhuinín a ardú, píosa spraoi agus bualadh le daoine éagsúla (Mental Health Ireland). Má tá suim agat níos mó siúlóidí a dhéanamh, b’fhiú breathnú ar shuíomh Mountaineering Ireland le fáil amach céard iad na himeachtaí nó cúrsaí traenála atá ar fáil i do cheantar féin. Beidh an fhéile bhliantúil Women With Altitude ar siúl sa Tolaigh Mór, Co. an Dúin, ón 12-14ú Bealtaine chun deis a thabhairt do mhná a bhfuil suim acu sa tsiúlóireacht teacht le chéile don deireadh seachtaine agus iad a spreagadh le dúshláin sléibhteoireachta níos mó a shárú. Seans go bhfeicfidh mé duine nó beirt agaibh ann!