Tá neart léirmheasanna maithe faoin Vintage Kitchen léite agam agus bhí sé i gceist agam triail a bhaint as an mbialann bheag seo i lár chathair Bhaile Átha Cliath le fada. Thug seisear againn aghaidh ar an áit aréir agus ní raibh aiféala ar bith orainn.
Tá The Vintage Kitchen suite béal dorais leis an teach tábhairne traidisiúnta Mulligans ar Shráid an Phoill Bhig, Baile Átha Cliath 2. Bíonn an-éileamh ar an mbialann i gcónaí agus bíonn sé cuíosach deacair bord a chur in áitithe ann – bhí iontas an domhain orm mar sin nuair a dúradh linn ar an Aoine go raibh bord ar fáil do sheisear ann ar an Satharn. Anuas ar an mbia fíorálainn ar ardchaighdeán ann, is féidir do chuid fíona agus beorach féin a bhreith leat gan aon táille chorcáiste i gceist. Shroich muid an bhialann ag leathuair tar éis a hocht (lenár málaí plaisteacha lán le deochanna!) agus bhí an áit pacáilte go boimbéal.
Athraíonn an biachlár ar bhonn rialta agus bíonn tairgí úra áitiúla chun tosaigh air. Caithfear dhá chúrsa a ordú ón mbiachlár dinnéir nó an biachlár socraithe a roghnú ionas nach ngearrfar táille chorcáiste ort. Tugadh gloiní agus fuaraitheoir fíona dúinn dár gcuid deochanna agus tugadh am dúinn mionscrúdú a dhéanamh ar an mbiachlár. Bhí rogha de chúig chúrsa éagsúla don réamhchúrsa agus don phríomhchúrsa agus bhí sé deacair go leor cinntí a dhéanamh. Do na réamhchúrsaí, bhí crème ae sicín, risotto, cos lacan, cáis ghabhair agus seabhdar. Bheartaigh leath againn dul le príomhchúrsa agus milseog and d’ordaigh an chuid eile réamhchúrsaí. Nuair a tháinig na réamhchúrsaí, bhí éad an domhain orainne nár ordaigh ceann. Bhí an t-uafás bia ar na plátaí agus bhí deis againn ar fad na roghanna éagsúla a bhlaiseadh. Bhí chuile dhuine aontaithe gurbh é an risotto le piobair dhearga, cloicheáin, sillí, gairleog agus luibheanna an rogha ab fhearr agus an réamhchúrsa ba bhlasta.
Ní raibh muid i bhfad ag fanacht ar na príomhchúrsaí teacht agus bhí cuma álainn úr ar chuile rud. Arís bhí chuile dhuine ag iarraidh ruainne beag de chuile bhéile a bhlaiseadh. Bhí muid ar fad an-tógtha le caighdeán an bhia agus lenár gcuid roghanna féin (lorga uaineola rósta go mall le súlach triacla, gnocchi le huachtar basal agus glasraí rósta, agus colmóir friochta). Bhí an colmóir friochta agamsa agus bhí sé cócaráilte go foirfe. Tháinig an t-iasc le diúilicíní, bísc thrátaí agus cajun, agus caibheár léasán leice. Ba é seo ceann de na béilte is fearr a bhí agam i mBaile Átha Cliath – ní fhéadfainn locht ar bith a fháil air. Níl aon amhras go bhfuil The Vintage Kitchen ag uimhir a cúig (as 2013 bhialann!) ar liosta na mbialann is fearr i mBaile Átha Cliath ar Trip Advisor.


Nuair a leag mé súil ar roghanna na milseog, thuig mé ar an toirt go mbeadh an mionbhruar úll, mangó agus rísíní agam. Is breá liom aon mhilseog thraidisiúnta le húlla inti agus bhí an ceann seo go haoibhinn. Tháinig sé le huachtar reoite agus purée sútha talún. Bhí an meascán blasanna éagsúla go hálainn agus bhí leisce orm é a roinnt leis na daoine eile timpeall an bhoird. Bhlais mé roinnt den soirbéad líomóidí freisin agus bhí sé an-úr agus blasta.

Bhí an béile ar fad an-mhaith agus is cinnte go mbeidh mé ar ais in The Vintage Kitchen gan mhoill. Tá atmaisféar an-réchúiseach sa mbialann atá lán le gréibhlíní suimiúla ar fud na háite. Is féidir do chuid ceirníní vinile féin a thabhairt leat le seinnt ann freisin más maith leat. An t-aon locht atá ar an áit, i mo thuairimse, ná an easpa spáis idir na boird agus an boladh láidir bia atá ar fud na bialainne (agus ar do chuid éadaí!) de bharr an chistin oscailte a bheith ann. É sin ráite, má tá béile úr blasta ar ardchaighdeán i lár na cathrach uait, mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar The Vintage Kitchen. Tá na praghasanna réasúnta agus tá sé breá lárnach chomh maith.
The Vintage Kitchen, 7 Sráid an Phoill Bhig, Baile Átha Cliath 2
http://www.thevintagekitchen.ie/ +353 1 6798705
An Bille: €189 do thrí réamhchúrsa, sé príomhchúrsa agus trí mhilseog (€28 an duine do dhá chúrsa), mar aon le táille sheirbhíse.
Seirbhís: An-chabhrach agus Cairdiúil.
Atmaisféar: Beo Bríomhar.