An bhfuil tú ag lorg inspioráide do bhronntanas Lá Fhéile Vailintín nó b’fhéidir go bhfuil saoire ghearr leis na cailíní ag teastáil uait? Is é Óstán No.1 Pery Square ceann de na hóstáin is deise inar fhan mé go dtí seo.
Suite sa gCeathrú Seoirseach i Luimneach, ar aghaidh Pháirc an Phobail, cuirtear fáilte chroíúil roimh aíonna san óstán boutique seo ar Chearnóg an Pheirigh. Tógadh an teach cathrach timpeall 1830 agus tá gach iarracht déanta cuid den tseanstíl a choimeád. Ó shiúil mé isteach san óstán, thit mé i ngrá leis an décor agus an t-atmaisféar suaimhneach a bhí le mothú timpeall chuile choirnéil. Níl ach fiche seomra san iomlán san óstán agus déanann an fhoireann cinnte go dtugtar aire mhaith phearsanta dá cuid aíonna.
Fuair mé amach go bhfuil chuile sheomra codalta ainmnithe in ómós d’fhilí Éireannacha agus bhí mise ag fanacht sa seomra Yeats. Bhí sliocht ó Yeats ar bhalla an tseomra agus bhí cuid dá shaothar fágtha mar ábhar léitheoireachta ann. Táimse cinnte go mbeadh leabharbhách ar bith an-sásta anseo.
Tar éis lá an-fhada, d’airigh mé ar mo sháimhín só láithreach nuair a shiúil mé isteach sa seomra codalta agus an ceol claisiceach a bhí ag seinm sa gcúlra a chloisteáil. Tar éis síneadh amach ar an leaba bhreá chompórdach, bhí mé lánsásta an róba folctha a chur orm agus dul síos chuig an spá teirmeach chun mo scíth a ligean sular dhún sé. Mura bhfuil tú ag iarraidh suathaireacht, cúram áilleachta nó cóireáil aghaidhe a fháil, tá neart áiseanna eile ann chun do scíth a ligean saor in aisce. Is féidir dul ón sauna gualchró chuig an seomra gaile agus cupán tae luibhe a ól ansin ar do bhealach chuig na cithfholcadáin ar a dtugann siad Irish mist showers (nach raibh mé ábalta a mhúchadh agus a bhí uafásach fuar! Thóg sé an-iarracht gan chur isteach ar an gciúnas agus scréach a chosc!). Is féidir do thráthnóna a chríochnú ansin leis na folcadáin cos a líonadh le huisce te agus salann sáile, agus irisleabhar a léamh. Féach bróisiúr don spá anseo
Bhí chuile bhall foirne ar chas mé leo go hálainn ar fad agus an-fháilteach le linn na cuairte agus chuir siad go mór leis an eispéireas. Níor ith mé aon bhéile san óstán seachas bricfeasta sa Sash Restaurant faraor, agus bhí sé sin go hálainn ar fad. Bhí buifé beag fuar leagtha amach ar chúpla bord agus d’ordaigh tú an bricfeasta te ón mbiachlár a bhí fágtha ar an mbord. Bhí gach rud an-úr agus an-bhlasta agus bhí an seomra féin galánta.
An t-aon ábhar gearáin a bhí agam faoi No. 1 Pery Square ná go raibh an chuairt i bhfad róghearr mar bhí sé deireanach um thráthnóna nuair a shroich mé an t-óstán. Bhí an tseirbhís ar ardchaighdeán, bhí an seomra go hálainn agus bhí atmaisféar suaimhneach ar fud an óstáin le coinnle beaga lasta timpeall gach coirnéil agus ceol clasaiceach á sheinnt. D’airigh mé mar bhanphrionsa don oíche!
Roinnt cúiseanna le No. 1 Pery Square a thriail:
- Atmaisféar suaimhneach álainn le do scíth a ligean
- Cúig nóiméad siúil ón stáisiún traenach agus bus
- Déanann siad tae beag sa bparlús ag tosú ag €25
- Seacht nóiméad siúil ó lár chathair Luimnigh
- Tá an dearadh go hálainn
- Tá spá teirmeach ann le cóireálacha éagsúla ar fáil
No. 1 Pery Square Hotel & Spa, Ceathrú Seoirseach, Luimneach
http://oneperysquare.com/ +353 61 402402
Seirbhís: Gairimiúil & Cairdiúil
Atmaisféar: Suaimhneach