Thug mé cuairt ar BoCo den chéad uair aréir agus beidh mé ar ais arís gan mhoill. Osclaíodh an beár/bialann seo ar Shráid Bolton i lár na cathrach níos lú na mí ó shin san áit a mbíodh Bodkin’s Bar agus The Hungry Mexican. Thaitin BoCo go mór liom ar an gcéad amharc – tine lasta sa tinteán, coinnle agus soilse beaga ag lonrú thart timpeall na háite, agus atmaisféar fáilteach ón bhfoireann óg a bhí ag obair ann.
Athraíonn an biachlár ó sheachtain go seachtain agus is léir go gcuirtear béim ar bhia úr ar ardchaighdeán ann. Bhí rogha de dheich píotsa ar fáil ar bhiachlár na seachtaine seo (biachlár a 5!) ag tosú ag €11 suas go €14. Tá greadóga agus taobhmhíreanna breátha ar fáil freisin (antipasti, eití sicín, ológa agus sailéad). Tá na praghasanna thar a bheith réasúnta agus táimse cinnte go mbeidh an-tóir ag mic léinn DIT ar an áit taobh istigh de chúpla seachtain.
Bhí sé an-deacair cinneadh a dhéanamh mar bhreathnaigh chuile rud go hálainn. Tar éis dianmhachnamh a dhéanamh, roghnaigh mé an píotsa bán ar deireadh (píosta le parmasán, mozzarella, ricotta, trátaí griantriomaithe, peisteo, cnónna péine, spionáiste, mil agus ola ghairleoige rósta. Úsáidtear oigheann adhmad-adhainte a tháinig as an bhFrainc agus cócaráiltear na píostsaí ag 500⁰.
Nuair a bhí mé ag fanacht ar an mbia, bhí deis cheart agam bheith ag sróinínteacht thart agus gach rud a scrúdú. Tá an áit deartha i stíl tionsclaíoch agus tá an-úsáid bainte acu as ábhar uaschúrsála. Tá na boird iad féin déanta as cláir an tseanurláir dharaigh a bhíodh in Bodkin’s agus tá na bothanna déanta as cruach agus adhmad. Éiríonn leo an chothromaíocht cheart idir dearadh úr comhaimseartha agus seanphub teolaí a aimsiú.
Ní raibh mé i bhfad ag fanacht ar an bpíosta álainn blasta teacht. Bhí sé díreach i gceart – bhí an bonn foirfe agus bhí na comhábhair thar a bheith úr. Bhí sé ar cheann de na cinn ba dheise ar bhlas mé i mBaile Átha Cliath go dtí seo. Bheartaigh mé gloine fíona a fháil chun an dlaoi mhullaigh a chur ar an mbéile agus chun mé féin a ullmhú go deas réidh don tseachtain fhada oibre romham (tá an aiste bia tosaithe agam arís inniu!). Tá an fíon ar fáil ‘ar tarraingt’ agus is é an comhlacht Eireannach Winelab an soláthróir a úsáideann siad.
Mar fhocail scoir, cén fáth BoCo a thriail?
- Atmaisféar seascair teolaí
- Beoracha Ceirde
- Bia Blasta
- Clár Manglam
- Foireann Chairdiúil
- Ofráiltear mala an mhadra duit gan iarraidh! (Bhí bricfeasta breá slaintiúil agam ar maidin!)
- Praghasanna réasúnta
BoCo, 57 Sráid Bolton, Baile Átha Cliath 1
https://www.facebook.com/bocodublin/ +353 1873 0128
An Bille: €18 don phíotsa agus gloine fíona.
Seirbhís: Cairdiúil, cainteach, éifeachtach
Atmaisféar: Réchúiseach agus ciúin (toisc gur thráthnóna Dhomhnaigh é)