Deich gCúis le Saoire a Chaitheamh sa mBulgáir

An bhfuil tú breoite bréan de mhí Eanáir? An dteastaíonn saoire uait cheana féin? Nó b’fhéidir go bhfuil rún agat i mbliana cuairt a thabhairt ar thír úrnua nach raibh tú riamh inti ? Anois an t-am le saoire a phleanáil chun margaí maithe a fháil agus d’aird a dhíriú ar rud éigin deas seachas dian-aistí bia, traenáil chorpacmhainne agus cúrsaí oibre. Ar smaoinigh tú riamh ar an mBulgáir mar áit saoire? Mholfainnse go mór í!

Tá an Bhulgáir suite ar Leithnis na mBalcán leis an Rómáin, an Ghréig, an Tuirc, an tSeirbia agus an Mhacadóin mórthimpeall uirthi. I mí Mheán Fómhair seo caite, chaith mé féin agus mo bhuachaill Mark 12 lá ag spaisteoireacht timpeall na tíre ag baint úsáide as an gcóras iompair poiblí. Thug muid cuairt ar shráidbhailte, bailte beaga agus cathracha móra – Veliko Tarnova, Sofia, Plovdiv, Sozopol agus Bourgas ina measc. Le tírdhreach álainn, daoine cairdiúla, bia den scoth agus costas íseal maireachtála ann, mholfainn go mór turas chun na tíre seo a dhéanamh. Ach déan go luath é sula mbeidh na sluaite ag iarraidh cuairt a thabhairt uirthi!

Deich gCúis le Saoire a Chaitheamh sa mBulgáir

1. Is Féidir Freastal ar Cheolchoirm in Amfaitéatar Rómhánach

dav

An bhfuil fhios agat go bhfuil ceann de na seantéatair chaomhnaithe is fearr ar domhan le feiceáil sa mBulgáir? Agus go mbíonn ócáidí cultúrtha, ceolchoirmeacha agus imeachtaí eile ar siúl ann? Ceann de na héispéiris is fearr a bhí againn le linn ár dturais ná freastal ar cheolchoirm thraidisiúnta san amfaitéatar in Plovdiv. Tógadh an t-amfaitéatar ársa fíorálainn seo sa dara céad agus b’fhiú go mór é a fheiceáil. Tá Plovdiv ar cheann de na cathracha is sine san Eoraip agus beidh sé mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2019.

dav

 2. Láithreáin Oidhreachta Dhomhanda UNESCO

Tá seacht láithreán cultúrtha agus dhá láithreán nádúrtha de chuid na Bulgáire ar liosta na láithreán oidhreachta domhanda atá ag Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe. B’fhiú go mór cuairt a thabhairt ar cheann díbh. Thug muidne cuairt ar Mhainistir Rila a tógadh sa deichniú haois. Seo an mhainistir is mó agus is cáiliúla sa tír agus tá ailtireacht dhochreidte agus freascónna áille le feiceáil thart timpeall uirthi.

3. An Aimsir

IMG_20160923_095028.jpg
Sozopol

An bhfuil saoire cois trá, saoire sciála nó saoire chultúrtha uait? Is cuma cén acu atá uait, tá séasúr feiliúnach di sa mBulgáir. Deirtear go bhfuil aeráid ilchríochach i dtuaisceart na tíre agus go bhfuil tionchar ón Meánmhuir le mothú sa deisceart. Is féidir bheith ag súil le haimsir the, ghrianmhar agus thirim sa samhradh – aimsir atá thar cionn don té atá ag iarraidh saoire cois trá a chaitheamh agus taitneamh a bhaint as tránna Chósta na Mara Duibhe. Má tá tú ag iarraidh spóirt gheimhridh a dhéanamh, bíonn aimsir fhuar sneachtúil ann sa ngeimhreadh atá foirfe le seal a chaitheamh i gceann de na bailte sciála atá suite timpeall na tíre. Tosaíonn an séasúr sciála i mí na Nollag go hiondúil agus leanann sé ar aghaidh go hAibreán. Bíonn aimsir dheas ann san earrach agus bíonn go leor féilte cultúrtha agus ceolchoirmeacha éagsúla ar siúl ann. Ba i lár an fhómhair a thug muid féin aghaidh ar an tír agus bhí aimsir chineálta shéimh againn ó thús deireadh. Bhí an aimsir fós te go leor le dul chuig an trá agus uachtar reoite a ithe. Ní bhíonn an iomarca báistí ag an am seo den bhliain ach oiread agus bíonn an aimsir foirfe don tsiúlóireacht.

dav

 4. Cósta na Mara Duibhe

dig
Sozopol

Tá cósta aoibhinn ag an mBulgáir le os cionn 200 trá agus imeallbhord atá nach mór 380 km ar fad. Idir surfáil, snorcláil, tumadóireacht agus neart eile, tá go leor roghanna ann don té atá ag iarraidh an spórt uisce a thriail. Má tá tú ag iarraidh síneadh siar ar an ngaineamh, áfach, agus bolg le gréin a dhéanamh, beidh tú ábalta cathaoir shuaimhnis ghréine a fháil ar cíos ar bheagán airgid. Ina dhiaidh sin, is féidir dul agus suathaireacht cholainne a fháil! Mura dtaitníonn ionaid saoire le blocanna móra árasán agus neart turasóirí thart, mholfainn Sunny Beach a sheachaint.

 5. Tírdhreach Álainn

dav
Na Locha Rila

Cinntíonn sléibhte agus tránna áille na Bulgáire go mbíonn neart le déanamh timpeall na tíre i ngach séasúr. Má thaitníonn siúlóireacht, sléibhteoireacht nó sciáil leat, beidh tú lánsásta san áit seo. Is sléibhte trian de thírdhreach na tíre agus tá an phríomhchathair Sóifia ag bun Shliabh Vitosha. Sna sliabhraonta móra ar nós Na Balcáin, Pirin agus Rhodope, tá neart siúlóidí gur féidir a dhéanamh agus tá roinnt cosán siúlóireachta mairceáilte go soiléir orthu. Rinne muid féin ceann sna Sléibhte Rila, áit a bhfuil  seacht locha oighreach ann. Tá radharcanna dochreidte anseo agus b’fhiú go mór an turas a dhéanamh. D’eagraigh muidne siúlóid le treoraí tríd an gcomhlacht Zig Zag Holidays ach dá mbeadh carr ar cíos agat, d’fhéadfá gach rud a shocrú tú féin agus fanacht thar oíche i gceann de na sráidbhailte ag bun na sléibhte.

dav

Ceann den seacht loch sna Sléibhte Rila

6. Éagsúlacht Iontach Timpeall Chuile Choirnéil

Ceann de na rudaí is mó a thaitin liom faoin mBulgáir ná éagsúlacht na n-iontas, na bhfoirgneamh agus na radharcanna a bhí le feiceáil ó áit go háit. Seo cuid de na rudaí is mó a thaitin liom.

Ardeaglaisí Ceartchreidmheacha

dav

Ealaín Sráide

Foirgeantaí Suntasacha

Sráideanna Beaga Duirleogacha

7. Togha an Bhia

D’ith muid togha an bhia le linn ár saoire ar bheagán costais. Tá scoth na mbialann ann agus bíonn rogha mhaith ar fáil iontu. Tá an bia an-chosúil leis an mbia a bhfaightear sa Tuirc agus sa nGréig agus bíonn sé an-úr. Do bhéile do bheirt i mbialann ghalanta le harán roimh ré agus deochanna san áireamh, an méid is mó a d’íoc muid ná 41.90 лв. / BGN (€21.50). Is féidir ithe i bhfad níos saoire ná seo, áfach, agus don té atá ag iarraidh saoire a thógáil gan mórán airgid a chaitheamh, tá an t-uafás roghanna réasúnta.

Bhain muid an-taitneamh as na beathaí agus deochanna áitiúla a bhlaiseach go maith. Seo roinnt díbh atá coitianta agus gurbh fhiú iad a thriail.

Boza: deoch a óltar ag an mbricfeasta. Déantar as muiléad é agus tá dath donn air. Bhí sé suimiúil ach ní bhfuair mé an dara ceann!

IMG_20160924_093546.jpg

Kebapche: millíní feola spíosracha a ndéantar ar an ngríoscán iad. Tá siad thar a bheith blasta.

mde

Mekitsa: taosrán milis domhainfhriochta a itear don bhricfeasta. Tá siad an-chosúil le taoschnónna agus itear le subh iad go minic.

IMG_20160914_091209.jpg

Tarator: anraith fuar a dhéantar as iógart, cúcamar, lus mín agus gallchnónna. Bíonn an t-anraith seo go deas ar lá te.

Banitsa: taosrán calógach filo líonta le hábhair éagsúla (cáis, spionáiste nó feoil go hiondúil). Bíonn sé ar fáil ó chuile bhácús agus itear don bhricfeasta é de ghnáth.

dig

Rakia: Bí cinnte triail a bhaint as an licéar  traidisiúnta chomh maith. Bíonn rakia ar fáil in go leor blasanna mealltacha éagsúla. Bí cúramach, áfach, tá sé an-láidir!

rakia.jpg

8. Bonneagar Maith Iompair

D’éirigh linn féin taisteal go cúig bhaile/chathair éagsúla ag baint úsáide as córas busanna na tíre gan aon stró. Tá naisc mhaithe bus idir cathracha agus bailte móra na tíre agus tá na busanna nua-aimseartha agus compordach. Tá costas an-íseal ar thicéad bus agus mura bhfuil tú ag iarraidh mórán airgid a chaitheamh, beidh tú san áit cheart. Tá córas tram i Sóifia freisin agus cé gur féidir siúl gach áit, is fiú turas gearr a dhéanamh don eispéireas. Ní chosnaíonn sé ach 1.60лв. (80 cent) an turas. Moladh dúinn na traenacha a sheachaint toisc go mbíonn siad níos moille ná na busanna, nach mbíonn siad ar chaighdeán rómhaith agus nach féidir brath go hiomlán orthu. Má tá sé i gceist agat dul chuig an mBulgáir, seo cúpla comhlacht bus a d’úsáid muidne agus na praghasanna a d’íoc muid:

AlexOK Ruse go Veliko Tarnova 11 лв. (€5.60)

Union-Ivkoni Plovdiv go Sozopol 25 лв. (€12.80)

Biomet Veliko Tarnova go Sofia  22 лв. (€11.25)

Vitosha Express Sofia go Plovdiv 14 лв.  (€7.20)

9. Eitiltí Saora

An bhfuil fhios agat go bhfuil eitiltí díreacha ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Bhulgáir? Tá dhá rogha ar fáil do phaisinéirí Éireannacha atá ag iarraidh cuairt a thabhairt ar an tír seo:

Baile Átha Cliath go Sofia le Ryanair (is rogha nua é seo a seoladh ag deireadh 2016) nó Baile Átha Cliath go Bourgas le Aer Lingus

Bíonn praghasanna an-réasúnta ar fáil ó shuíomh Ryanair má choinnítear súil air agus na heitiltí a chur in áirithe píosa roimh réidh. Má chuirtear eitilt in áirithe le Ryanair do mhí Lúnasa anois, níl ach costas €45.99 ar thicéad aonbhealach le linn na seachtaine! Mar sin má tá tú ar bhuiséad don bhliain úr, ba rogha iontach í an Bhulgáir chun saoire ar chostas íseal a chinntiú!

10. Luach ar Airgead

Tá an costas maireachtála sa mBulgáir an-saor ar fad i gcomparáid le hÉirinn. Is feidir teacht ar lóistín ar phraghasanna an-réasúnta agus bíonn margaí den scoth ar fáil. Tá an bia agus deochanna an-saor chomh maith.

Do thrí oíche in Family Hotel Apolonia, óstán trí réalta in Sozopol, níor chosnaigh sé ach €66 san iomlán orainn don bheirt againn don seomra.

Do dhá oíche in Hotel Priyateli in Veliko Tarnova, d’íoc muid €46 leaba agus bricfeasta don bheirt againn.

An méid is mó a chaith muid ná €150 don lóistín in Sóifia. D’fhan muid in L’Opera House  ar feadh trí oíche agus bhí bricfeasta san áireamh.

Tá i bhfad níos mó ná deich gcúis le saoire a chaitheamh sa mBulgáir. Má tá tú spreagtha le heitiltí a chur in áirithe anois, b’fhiú na hailt seo a léamh freisin:

Ionad Turasóireachta na Bulgáire

Beyond the beach: Bulgaria’s hidden treasures

Bulgaria: bucolic beauty on the edge of Europe

Bulgaria Holidays

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s