Ó lár mhí na Samhna go deireadh mhí na Nollag, bíonn margaí na Nollag faoi lánseol i Vín. Le gloine puins nó stailcín fíona sa lámh agat, boladh bratwurst, cnónna capaill agus fataí bácáilte mórthimpeall ort, níl aon amhras ach go mbeidh sprid na Nollag go domhain ionat ag filleadh abhaile (fiú más mí na Samhna é go fóill!).
Tá muid díreach ar ais sa mbaile tar éis deireadh seachtaine den chéad scoth a chaitheamh i bpríomhchathair na hOstaire. Thug muid cuairt ar roinnt mhaith margaí éagsúla sa gcathair thar chúpla lá agus seo thíos ár gcuid moltaí maidir leis na cinn is fearr.
Wiener Christkindlmarkt am Rathausplatz
Tá an margadh Nollag ollmhór seo suite díreach os comhair Halla na Cathrach agus is é ceann de na margaí is mó tóir i measc mhuintir na háite agus turasóirí araon. Tá rud éigin tarraingteach ann do chách: siamsaíocht, scátáil oighir, gníomhaíochtaí do ghasúir i Halla na Cathrach féin, mar aon le bia agus deochanna traidisiúnta. Tá os cionn 150 seastán ann ag díol bréagán, maisiúchán Nollag, balún, éadaí agus neart eile. B’ábhar olltáirgthe a bhí i gceist le roinnt mhaith den ábhar a bhí ar díol ach mholfainn an margadh go mór fós féin mar gheall ar an atmaisféar iontach bríomhar atá ann.
Tá atmaisféar draíochtúil rómánsúil timpeall an Rathausplatz le soilse beaga gleoite ag lonrú ó na crainnte, ón áirse ollmhór le coinnle Aidbhinte ar an mbealach isteach agus tríd an margadh ar fad. Tá rinc oighir ollmhór díreach in aice an mhargaidh a théann thar chosáin agus thar dhá pháirc (4500m2 san iomlán) agus tá ceann beag faoi leith ann do ghasúir. Ar chostas beag, is féidir na scátaí a fháil ar cíos ann agus tá taisceadáin ar fáil má tá aon rud luachmhar agat gur mian leat a choinneáil sábháilte! Ba í an scátáil oighir ceann de na buaicphointí don bheirt againn le linn an deireadh seachtaine agus bhí an-spraoi againn ag scátáil timpeall. Níor thit muid ach oiread, cé gur dhóbair gur sciorr na cosa uainn cúpla uair!
Seoladh: Rathausplatz, 1010 Wien
Conas teacht air: Tóg an U-Bahn chomh fada le stad U2 Rathausplatz nó stad U3 Volkstheater.
Suíomh Idirlín: http://wienerweihnachtstraum.at/christkindlmarkt-und-eistraum/
Altwiener Christkindlmarkt, Freyung
Is é seo ceann de na margaí is sine i Vín. Tá sé suite ar chearnóg álainn gar do lár na cathrach agus bíonn i bhfad níos lú tuarasóirí ann i gcomparáid le roinnt de na margaí eile. Tá atmaisféar álainn ag an gceann seo le go leor daoine áitiúla ag breathnú timpeall ar na hearraí láimhe, earraí criadóireachta, coinnle agus neart maisiúchán. Anuas air sin, tá béim ar bhia orgánach agus tairgí áitiúla ann agus tá réimse leathan feoil, cáise agus beoracha ceirde ar díol. Tá stáitse beag ann freisin do shiamsaíocht éagsúil. Tá an margadh seo an-chóngarach don mhargadh Am Hof agus b’fhiú cuairt a thabhairt ar an dá cheann in éindí.
Seoladh: Altwiener Christkindlmarkt, Freyung, 1010 Wien
Conas teacht air: Tóg an U-Bahn chomh fada le stad U2 Schottentor. Is siúlóid ghearr é freisin ó lár na cathrach.
Suíomh Idirlín: https://www.altwiener-markt.at/
Der Weihnachts Markt am Hof
Suite ar chearnóg bheag aoibhinn i bhfoisceacht urchar méaróige ó Altwiener Christkindlmarkt, Freyung, ba é seo an margadh ab fhearr liom. Tá foirgnimh ghalánta stairiúla thart timpeall na cearnóige agus tá ealaín agus ceardaíocht ar ardchaighdeán ar díol ann. Bhí láthair an mhargaidh maisitithe go hálainn freisin agus bhí roinnt de na seastáin cosúil le siopaí beaga a raibh tú ábalta siúl isteach iontu le breathnú thart. Má éiríonn tú bréan den glühwein nó má tá tú ag iarraidh tú féin a mhilleadh, tá beár seaimpéin anseo.
Má tá taithí agat ar mhargaí Nollag, tuigfidh tú go mbíonn an-bhéim ar na cupáin éagsúla atá ar fáil iontu. Bíonn cinn faoi leith ar fáil i ngach aon mhargadh. Tar éis bheith ag déanamh mionscrúdaithe ar na cupáin éagsúla ar fad (trí chupáin glühwein a ól i ngach aon margadh!!), tháinig mé ar an gcupán ab bhfearr liom anseo.
Seoladh: Altwiener Christkindlmarkt, Freyung, 1010 Wien
Conas teacht air: Tóg an U-Bahn chomh fada le stad U2 Schottentor nó U1 Stephansplatz. Is siúlóid ghearr é freisin ó lár na cathrach.
Suíomh Idirlín: http://www.weihnachtsmarkt-hof.at/
Schloß Schönbrunn
Má tá tú ag fanacht i lár chathair Vín, ní mór an turas a dhéanamh taobh amuigh den chathair le cuairt a thabhairt ar Schloß Schönbrunn. Tá an margadh Nollag galánta seo suite díreach os comhair an Pháláis agus tugann sé deis duit spaisteoireacht thart ar an bhfearann agus na gairdíní iomadúla mórthimpeall air. An t-aon mhíbhuntáiste leis an margadh seo ná na sluaite ollmhóra a théann ann agus ag iarraidh na grianghrafadóirí amaitéaracha ar fad a sheachaint (mo leithéidse!). Tá na gnáthsheastáin ag an margadh seo le hearraí lámhdéanta, bia traidisiúnta agus glühwein.
Tá an margadh seo an-oiriúnach do ghasúir freisin agus bíonn ceardlanna éagsúla ar siúl dóibh ann. Mar shampla is féidir leo foghlaim conas arán sinséir a mhaisiú nó prásóg almóinne a mhúnlú.
Seoladh: Schloß Schönbrunn, Gardetrakt, 1130 Wien
Conas teacht air: Tóg an U-Bahn chomh fada le stad U4 Schönbrunn.
Suíomh Idirlín: http://www.weihnachtsmarkt.co.at/en/the-market.php
Karlsplatz
Seo margadh ina gcuirtear an-bhéim ar an gceardaíocht, ar an ealaín agus ar chlár siamsaíochta faoi leith chun eispéireas álainn a thabhairt don chuairteoir. Tá an margadh Nollag seo suite ar chosáin bheaga timpeall Resselpark, páirc bheag atá suite os comhair Karlskirche. Má tá siopadóireacht na Nollag ar bun agat, is cinnte go mbeifeá ábalta teacht ar bhronntanas uathúil anseo. Is earraí ó lámh an cheardaí agus an ealaíontóra amháin atá ar díol anseo agus ní thiocfá ar ábhar olltarigthe ar bith. Tá clár siamsaíochta den scoth ann do chách freisin. Bíonn bannaí ceoil ann do na daoine fásta agus tá neart ann chun na gasúir a choinneáil gnóthach! Tá roithleagán ró iontach ann atá déanta as seanábhar uaschúrsála (caithfidh cúpla tuismitheoir dul ar rothair chun an roithleagán ró a choinneáil ag gluaiseacht!), tuí gur féidir leo spraoi ann, ainmhithe agus ceardlanna ceardaíochta agus ealaíne.
Seoladh: Resselpark, Karlsplatz, 1040 Wien
Conas teacht air: Tóg an U-Bahn U1, U2, U4 chomh fada le stáisiún Karlsplatz.
Suíomh Idirlín: http://www.artadvent.at/
Cúpla Nod do na Margaí
Seo mo chuid moltaí d’éinne atá ag smaoineamh ar aghaidh a thabhairt ar mhargaí Vín.
Cúrsaí Taistil
Má tá tú ag fanacht trí lá nó níos faide nó má tá sé i gceist agat taisteal taobh amuigh de lár na cathrach, is smaoineamh maith é pas taistil a fháil. Tá cinn 24, 48 agus 72 uair an chloig ar fáil atá an-áisiúil. Ansin is féidir leat leas a bhaint as an U-bahn, bus nó tram gan teorainn leis.
Éadaí teo
Éiríonn sé thar a bheith fuar agus tú ag siúl timpeall na margaí éagsúla. Ní mór hata, scairf, lámhainní, stocaí tiubha agus cóta maith a bhreith leat. Tá éadaí maithe teirmeacha ar fáil ó Marks and Spencers agus níl siad róchostach.
Sóinseáil don leithreas
Tá áiseanna leithris ar fáil timpeall fhormhór na margaí. Ní mór roinnt bonn caoga cent a thabhairt leat chun íos astu.
Cupáin
Bíonn cupáin áille ar fáil ó mhargadh go margadh. Ní mór faire amach agus an ceann is fearr leat a cheannach le tabhairt abhaile mar chuimhneachán deas! Tugann sé leithscéal duit breis glühwein a thriail freisin!
Istoíche
Bíonn atmaisféar iontach sna margaí le titim na hóiche. Breathnaíonn gach rud níos áille agus níos rómánsúla fós leis na soilse ag lonrú sna dorachadas.
An Bhratasláiv
Bíonn Ryanair ag eitilt chuig an mBratasláiv ar chostas íseal. Téann busanna ón aerfort agus ón gcathair féin chuig Vín go han-mhinic agus is turas cuíosach gearr é. D’úsáid muid féin Regiojet agus níor chosnaigh sé ach €5 don turas. Tá scáileáin bheaga ag gach suíochán atá nasctha leis an idirlíon agus faightear deoch te saor in aisce le linn an turais! An-mhargadh go deo! D’úsáid muid Flixbus don turas ar ais agus bhí €7.50 ar an ticéad sin.
Léarscáil
Tá léarscáil an-mhaith de na margaí le fáil anseo. B’fhiú taighde a dhéanamh roimh ré maidir leis na cinn is mó gur mhaith leat cuairt a thabhairt orthu agus cén áit a bhfuil siad suite i gcomparáid lena chéile.
Ní fhaca mé é seo go dtí seo! Cuntas maith! Is maith liom féin an margadh ag Karsplatz is mó i Vín ach tá go leor cinn eile taobh amuigh de’n chathair arbh fhiú cuairt a thabhairt orthu – beag is mór! Táim féin imo chónaí i ngar do Vín!
LikeLiked by 1 person