Arán Donn Baile: Oideas Deas gan Chruithneacht

Ní dóigh liom go bhfuil aon rud níos deise ná cáca baile le lear mór ime air. Táim tar éis bheith sa tóir ar oideas deas d’arán gan phlúr agus déirí le píosa anois ach tar éis roinnt cinn éagsúla a thriail, seo thíos an ceann is mó a thaitníonn liom. Tá sé simplí agus sciobtha le déanamh, agus tá sé an-bhlasta. Airím go bhfuil … Continue reading Arán Donn Baile: Oideas Deas gan Chruithneacht

Briostó Bríomhar Beoga – conas 36 huaire a chaitheamh ann

Ainmníodh Briostó mar an chathair is fearr le cónaí ann ar fud na Breataine sa Sunday Times níos túisce i mbliana. Thug mé cuairt ar an gcathair an tseachtain seo caite le fáil amach cén fáth a bhfuil daoine chomh tógtha sin leis agus céard atá le déanamh ann. Le ceardaíocht agus cruthaitheacht, bia blasta agus beáranna beoga ar fáil ar fud na cathrach,  d’fhág mé … Continue reading Briostó Bríomhar Beoga – conas 36 huaire a chaitheamh ann

Binn Chuilceach – Seoid i bhFear Manach

Má tá conair nua shiúil uait le triail nó turas lae don teaghlach ar fad á phleanáil, mholfainn Páirc Shléibhe Bhinn Chuilceach i bhFear Manach go hard. Suite fiche nóiméad ó Inis Ceithleann, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an áit álainn seo atá mar chuid de Gheopháirc Dhomhanda Uaimheanna na hÁirse Marmair agus conair Bhinn Chuilceach-Lag na Brocaí a dhéanamh. Ar an Domhnach beag seo atá díreach … Continue reading Binn Chuilceach – Seoid i bhFear Manach

Císte Cáise Líomóide & Líoma

Milseog éadrom álainn citris a rachaidh i bhfeidhm ar chairde agus ar chlann. Tá an císte seo foirfe do chóisir dhinnéir nó ócáid speisialta ar bith. Tá sé sciobtha agus fíoréasca le déanamh agus breathnaíonn sé go hálainn. Comhábhair An Bonn 200g briosca caiscíneacha 200g brioscaí coirce 75g im 1 tsp mil An Císte 750g Cáis Uachtair 100ml Uachtar Dúbailte 150g Siúcra Mín 1 Líomóid … Continue reading Císte Cáise Líomóide & Líoma

Bíonn Siúlach Scéalach

Tá an lá ag dul chun síneadh agus beidh an aimsir ag éirí níos séimhe go luath (tá súil agam!). Ní dóigh liom go bhfuil bealach ar bith níos fearr chun do scíth a ligean ná bheith amuigh faoin aer ag siúl agus áilleacht na tuaithe thart timpeall ort. D’fhás mé aníos i lár sráidbhaile beag bídeach in iarthar Chill Mhantáin le cnoic agus sléibhte … Continue reading Bíonn Siúlach Scéalach